Iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski rayonen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 1 Nollaig 2023 – T.P.T. v ‘Financial Bulgaria’ EOOD
(Cás C-744/23, Zlakov 1 )
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Sofiyski rayonen sad
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: T.P.T.
Cosantóir: ‘Financial Bulgaria’ EOOD
Na ceisteanna a tharchuirtear
An bhfuil ‘soláthar seirbhísí’ de réir bhrí Airteagal 2(1)(c), Airteagal 24(1), Airteagal 26(1)(b) agus Airteagal 28 de Threoir 2006/112/CE 1 ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha le léiriú sa chaoi go n-áirítear leis:
1. cúnamh dlíthiúil a sholáthar saor in aisce (pro bono) ag dlíodóir do pháirtí in imeachtaí cúirte[?]
2. cúnamh dlíthiúil a sholáthar saor in aisce (pro bono) ag dlíodóir páirtí ar éirigh leis nó léi i ndíospóid dhlíthiúil, sa chás go ndéanann an chúirt an luach saothair a gheobhadh sé nó sí a dhámhachtain do dhlíodóir an pháirtí sin dá mbeadh an luach saothair comhaontaithe faoi chonradh le haghaidh cúnaimh dhlíthiúil[?]
An bhfuil ‘soláthar seirbhísí a dhéantar saor in aisce’ de réir bhrí Airteagal 26(1)(b) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha le léiriú sa chaoi go n-áirítear leis:
1. cúnamh dlíthiúil a sholáthar saor in aisce (pro bono) ag dlíodóir do pháirtí in imeachtaí cúirte[?]
2. cúnamh dlíthiúil a sholáthar saor in aisce (pro bono) ag dlíodóir páirtí ar éirigh leis nó léi i ndíospóid dhlíthiúil, sa chás go ndéanann an chúirt an luach saothair a gheobhadh sé nó sí a dhámhachtain do dhlíodóir an pháirtí sin dá mbeadh an luach saothair comhaontaithe faoi chonradh le haghaidh cúnaimh dhlíthiúil[?]
An bhfuil ‘soláthar seirbhísí ar comaoin’ de réir bhrí Airteagal 2(1)[(c)], Airteagal 24(1) agus Airteagal 26(1)(b) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha le léiriú sa chaoi go n-áirítear leis cúnamh dlíthiúil a sholáthar saor in aisce (pro bono) ag dlíodóir páirtí ar éirigh leis nó léi i ndíospóid dhlíthiúil, sa chás go ndéanann an chúirt an luach saothair a gheobhadh sé nó sí a dhámhachtain do dhlíodóir an pháirtí sin dá mbeadh an luach saothair comhaontaithe faoi chonradh le haghaidh cúnaimh dhlíthiúil[?]
An bhfuil ‘duine inchánach’ de réir bhrí Airteagal 28 agus Airteagal 75 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha le léiriú sa chaoi go n-áirítear leis:
1. dlíodóir (gnólacht dlí de dhuine amháin) a rinne cúnamh dlíthiúil a sholáthar saor in aisce (pro bono) do pháirtí in imeachtaí cúirte[?]
2. dlíodóir (gnólacht dlí de dhuine amháin) a rinne cúnamh dlíthiúil a sholáthar saor in aisce (pro bono) do pháirtí ar éirigh leis nó léi i ndíospóid dhlíthiúil, sa chás go ndéanann an chúirt an luach saothair a dhámhachtain do dhlíodóir an pháirtí sin (an gnólacht de dhuine amháin) a gheobhadh sé nó sí dá mbeadh an luach saothair comhaontaithe faoi chonradh le haghaidh cúnaimh dhlíthiúil[?]
____________
1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
1 Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).