Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale amministrativo regionale per la Lombardia (an Iodáil) a taisceadh an 7 Márta 2024 – AF, é féin agus ina cháil mar dhuine a fheidhmíonn freagracht tuismitheora i leith an linbh, BF v Ministero dell’Interno – U.T.G. – Prefettura di Milano

(Cás C-184/24, Sidi Bouzid)1

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale Amministrativo Regionale per la Lombardia

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: AF, é féin agus ina cháil mar dhuine a fheidhmíonn freagracht tuismitheora i leith an linbh, BF

Cosantóir: Ministero dell’Interno - U.T.G. - Prefettura di Milano

An cheist a tharchuirtear

An gcuirtear cosc le hAirteagal 20 de Threoir 2013/33/AE,1 chomh maith leis na prionsabail a leag an Chúirt Bhreithiúnais síos ina breithiúnais an 12 Samhain 2019, i gCás C-233/2018 agus an 1 Lúnasa 2022, i gCás C-422/2021, a mhéid a eisiatar leo an fhéidearthacht ag údarás riaracháin an Bhallstáit a ordú mar smachtbhanna, bearta glactha a tharraingt siar i gcás ina bhfuil sé d’éifeacht ag an gcinneadh sin bunriachtanais saoil an náisiúnaigh eachtraigh atá ag lorg cosaint idirnáisiúnta agus a theaghlaigh a nochtadh faoi mhíbhuntáiste, ar reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear, tar éis tuairim aonair réasúnaithe a fháil, lena n-áirítear maidir le riachtanas agus comhréireacht an bhirt, glacadh a tharraingt siar ar fhorais seachas smachtbhannaí, ach ar an bhforas nár comhlíonadh na coinníollacha maidir le ligean isteach dó a thuilleadh agus, go háirithe, mar gheall ar dhiúltú an náisiúnaigh eachtraigh, ar fhorais nach mbaineann le bunriachtanais saoil a shásamh agus le dínit an duine a chosaint, páirt a ghlacadh san aistriú chuig ionad glactha eile, arna shainaithint ag an riarachán le haghaidh riachtanais eagraíochtúla agus lena n-áirithítear, faoi fhreagracht an riaracháin féin, dálaí glactha ábharacha a chothabháil atá coibhéiseach leo siúd atá sa Lárionad Tionscnaimh, dá gcuirfeadh an diúltú aistrithe agus an cinneadh cúlghairme ina dhiaidh sin an náisiúnach eachtrach i riocht nach mbeadh sé in ann bunriachtanais an tsaoil phearsanta agus teaghlaigh a chomhlíonadh?

____________

1     Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1     Treoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leagtar síos caighdeáin maidir le glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (athmhúnlú) (IO 2013 L 180, lch. 96).