Caingean arna tabhairt an 21 Aibreán 2023 – Sta Grupa v EUIPO – Axis (VAPIX)
(Cás T-207/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Sta Grupa AS (Ríge, an Laitvia) (ionadaí: I. Stankeviča, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Axis AB (Lund, an tSualainn)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “VAPIX” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 5 040 118
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 3 Feabhra 2023 i gCás R 1098/2022-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar ceal;
an trádmharc faoi cheist a chúlghairm le haghaidh na n-earraí a raibh cláraithe go fóill i ndiaidh an chinnidh atá faoi chonspóid;
Iarrann an t-iarratasóir go ndámhfaí costais dó i ndáil leis na himeachtaí seo.
Saincheist dlí
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________