Caingean arna tabhairt an 28 Feabhra 2024 – Guangzhou Wanglaoji Grand Health v EUIPO – Multi Access (Léiriú ar thrí charachtar Sínise i bhfráma)
(Cás T-121/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Guangzhou Wanglaoji Grand Health Co. Ltd (Guangzhou, an tSín) (ionadaí: P. Groß, lawyer)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Multi Access Ltd (Road Town, Oileáin Bhriotanacha na Maighdean)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh (Léiriú ar thrí charachtar Sínise i bhfráma) – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 13 496 989
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de chuid EUIPO an 19 Nollaig 2023 i gCás R 322/2023-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a dhearbhú go bhfuil an marc a chonspóidtear neamhbhailí ar bhonn Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle;
a ordú do EUIPO agus do Multi Access Limited, i gcás ina gcinneann an dara ceann acu go ndéanfaidh sé idiragairt sna himeachtaí seo, a gcostais féin a íoc;
a ordú do EUIPO agus do Multi Access Limited, i gcás ina gcinneann an dara ceann acu go ndéanfaidh sé idiragairt sna himeachtaí seo, na costais arna dtabhú ag an iarratasóir, lena n-áirítear na costais arna dtabhú ag an dara ceann os comhair an Bhoird Achomhairc, a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle (Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle anois).
____________