Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation (an Bheilg) a taisceadh an 13 Deireadh Fómhair 2023 – Commune de Schaerbeek agus Commune de Linkebeek v Holding Communal SA
(Cás C-627/23, Communes de Schaerbeek agus de Linkebeek)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Cour de cassation
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóirí ar phointe dlí: Commune de Schaerbeek, Commune de Linkebeek
Cosantóir ar phointe dlí: Holding Communal SA
An cheist a tharchuirtear:
Maidir le hAirteagal 2(1)(a) de Threoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE, 1 lena dtagraítear d’fhomhír 18 d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoir 85/611/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/6/CEE ón gComhairle agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 93/22/CEE ón gComhairle, 2 an bhfuil léiriú le déanamh amhail go dtagann scaireanna cuideachta sealbhaíochta faoi choincheap an urrúis shosannta sa mhargadh caipitil, ar scaireanna cuideachta sealbhaíochta iad nach féidir ach le cúigí agus bardais iad a bheith acu agus a bhfuil a ndiúscairt faoi réir chomhaontú an bhoird riaracháin?
____________
1 IO 2003 L 345, lch. 64.
1 IO 2004 L 145, lch. 1.