Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Oberverwaltungsgerichts des Landes Sachsen-Anhalt (an Ghearmáin) arna taisceadh an 8 Bealtaine 2023 - an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán v B. GmbH

(Cás C-290/23, ECHA)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberverwaltungsgericht des Landes Sachsen-Anhalt

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir agus achomharcóir: an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán

Cosantóir agus freagróir: B. GmbH

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gcaithfear an chéad leath den chéad abairt den chéad mhír d’Airteagal 299 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a léiriú sa chaoi go bhfuil feidhm aige maidir le cinntí arna nglacadh ag an gComhairle, ag an gCoimisiún nó ag an mBanc Ceannais Eorpach amháin, nó an bhfuil feidhm aige freisin maidir le cinntí na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán lena bhforchuirtear muirear riaracháin faoi Airteagal 13(4) de Rialachán (CE) Uimh. 340/2008 1 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2008 maidir leis na táillí agus na muirir iníoctha leis an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 2 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH)?

I gcás nach bhfuil cinneadh na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán maidir le muirear riaracháin den sórt sin a fhorchur infhorfheidhmithithe:

An gcaithfear an tríú fomhír d’Airteagal 13(4), arna léamh i gcomhar leis an dara fomhír d’Airteagal 11(3) de Rialachán (CE) Uimh. 340/2008, a léiriú sa chaoi gur chóir caingean le haghaidh forfheidhmiú íocaíocht an mhuirir riaracháin a chur as an áireamh?

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 340/2008 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2008 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2008 maidir leis na táillí agus na muirir iníoctha leis an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) (IO 2008 L 107, lch. 6).

1 Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/67/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/105/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO 2006 L 396, lch. 1).