Ordú na Cúirte Ginearálta an 7 Feabhra 2024 – Zaklady Farmaceutyczne Polpharma v an Coimisiúin
(Cás T-228/23) 1
(Caingean le haghaidh neamhniú – Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine – Údarú margaíochta le haghaidh an táirge íocshláinte fúmaráit dé-mheitil ‘Polpharma’ – Fúmaráit dé-mheitil – Litir ón gCoimisiún ag tarraingt as iarmhairtí bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais – Gníomh nach bhfuil faoi réir athbhreithniú – Do-ghlacthacht – Gníomhartha hipitéiseacha – Do-ghlacthacht fhollasach)
Teanga an cháis: an Béarla
Parties
Iarratasóir: Zaklady Farmaceutyczne Polpharma S.A. (Starogard Gdański, an Pholainn) (ionadaithe: K. Roox, T. De Meese, J. Stuyck, M. Van Nieuwenborgh agus C. Dumont, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Valero agus E. Mathieu, Gníomhairí)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh arna leagan síos sa litir ón gCoimisiún Eorpach an 17 Márta 2023, leis an tagairt SANTE.DDG1.B.5/AL/mmc (2023) 2915860, a bhaineann le léiriú agus iarmhairtí bhreithiúnais an 16 Márta 2023, an Coimisiúin agus Páirtithe Eile v Pharmaceutical Works Polpharma (C-438/21 P go C-440/21 P, EU:C:2023:213).
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean toisc é a bheith do-ghlactha sa mhéid is go bhfuil sé dírithe i gcoinne an chinnidh arna leagan síos sa litir ón gCoimisiún Eorpach an 17 Márta 2023, leis an tagairt SANTE.DDG1.B.5/AL/mmc (2023) 2915860, a bhaineann le léiriú agus iarmhairtí bhreithiúnais an 16 Márta 2023, an Coimisiúin agus Páirtithe Eile v Pharmaceutical Works Polpharma (C-438/21 P go C-440/21 P, EU:C:2023:213);
Diúltaítear don chaingean toisc é a bheith do-ghlactha go follasach sa mhéid is go bhfuil sé dírithe i gcoinne aon chinneadh a dhéanfar i ndiaidh an chinnidh arna leagan síos sa litir ón gCoimisiún Eorpach an 17 Márta 2023, leis an tagairt SANTE.DDG1.B.5/AL/mmc (2023) 2915860, a bhaineann le léiriú agus iarmhairtí bhreithiúnais an 16 Márta 2023, an Coimisiúin agus Páirtithe Eile v Pharmaceutical Works Polpharma (C-438/21 P go C-440/21 P, EU:C:2023:213), a mhéid a leanann siad agus/nó ina dtagann siad in ionad an chinnidh sin, lena n-áirítear aon bheart rialála leantach, a mhéid a bhaineann leis an iarratasóir.
Ordaítear do Zaklady Farmaceutyczne Polpharma S.A., chomh maith lena chostais féin, na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach, lena n-áirítear na costais sin a bhaineann leis na himeachtaí eatramhacha, a íoc.
____________
1 IO C 235, 3.7.2023.