Caingean arna tabhairt an 28 Iúil 2023 – Daimler Truck v EUIPO (CERTIFIED)
(Cás T-436/23)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Daimler Truck AG (Leinfelden-Echterdingen, an Ghearmáin) (ionadaithe: P. Kohl, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil leis an trádmharc “CERTIFIED” – Iarratas ar chlárú Uimh. 1 648 641
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 22 Bealtaine 2023 i gCás R 2533/2022-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus ordú a thabhairt do EUIPO cosaint a dheonú d’ainmniú an trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh atá i gceist;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________