Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunalul Prahova (an Rómáin) arna taisceadh an 18 Deireadh Fómhair 2022 — SC Bitulpetrolium Serv SRL v Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Prahova – Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Ploieşti

(Cás C-657/22)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunalul Prahova

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: SC Bitulpetrolium Serv SRL

Cosantóir: Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Prahova – Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Ploieşti.

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil forálacha agus cleachtais náisiúnta, amhail na forálacha agus na cleachtais atá i gceist sa chás seo, ar dá réir a bheadh athbhunú isteach sa stóras cánach breosla téimh (ola théite) in éagmais maoirseachta custaim [a bheadh] ina sárú líomhnaithe ar na nósanna imeachta stórasaithe custaim lena dtabharfar údar maith le dleacht mháil a chur i bhfeidhm de réir an ráta arna shocrú le haghaidh breosla ar mó ná 21 oiread na dleachta máil ar ola théite iad contrártha le prionsabal na comhréireachta agus le hAirteagal 2(3), le hAirteagal 5 agus le hAirteagal 21(1) de Threoir 2003/96/CE1 ?

An bhfuil forálacha agus cleachtais náisiúnta, amhail na forálacha agus na cleachtais atá i gceist sa chás seo, faoina bhforchuirtear CBL ar na méideanna breise arna gcinneadh ag na húdaráis chánach trí bhíthin dleacht mháil ar ola gháis mar phionós mar gheall ar mhainneachtain an córas maoirseachta custaim a chomhlíonadh ó thaobh an cháiníocóra de, mar thoradh ar athbhunú isteach sa stóras cánach na dtáirgí fuinnimh den chineál ola théite ar íocadh dleacht mháil orthu cheana féin, a dhiúltaigh custaiméirí, contrártha le prionsabal na comhréireachta, prionsabal neodracht CBL agus Airteagal 2, Airteagal 250 agus Airteagal 273 de Threoir 2006/112/CE1 ?

____________

1 Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO 2003 L 283, lch. 51).

1 Treoir 2006/112 ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. l) (IO 3 L, lch. 7).