Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 25 Aibreán 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunalul Prahova – an Rómáin)  – SC Bitulpetrolium Serv SRL v Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Prahova – Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Ploieşti

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-657/22, Bitulpetrolium Serv) 1

(Tarchur chun réamhrialú – Cánachas ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas – Treoir 2003/96/CE – Cánachas i gcomhréir le prionsabal fhíorúsáid na dtáirgí sin – Iarscríbhinn I – Íosléibhéal cánachais is infheidhme maidir le táirgí fuinnimh dá bhforáiltear leis an Treoir sin – Comhchóras cánach breisluacha (CBL)  – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 2(1)(a)  – Teagmhas inchánach – Airteagal 63 – Inmhuirireacht CBL – Airteagal 78(1)(a)  – Bonn cánach – Athbhunú isteach sa stóras canach táirgí fuinnimh – Coinníollacha a fhorchuirtear leis an dlí náisiúnta – Formhuirear dleachta máil agus CBL mar phionós i gcás mainneachtain na coinníollacha sin a chomhlíonadh – Prionsabal na comhréireachta)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunalul Prahova

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: SC Bitulpetrolium Serv SRL

Cosantóirí: Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Prahova – Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Ploieşti

An chuid oibríochtúil

1)    Maidir le Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas, agus le prionsabal na comhréireachta,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    go gcuirtear cosc léi ar fhorálacha nó ar chleachtais náisiúnta ar dá réir, i gcás athbhunú isteach sa stóras cánach táirgí fuinnimh atá le húsáid mar bhreosla téimh chun iad a dhíol ina dhiadh sin, a chuirtear an ráta dleachta máil níos airde arna shocrú le haghaidh ola gháis atá le húsáid mar bhreosla mótair ar na táirgí sin, mar phionós mura gcomhlíontar coinníollacha áirithe, eadhon fógra a thabhairt don údarás inniúil maidir leis an athbhunú sin agus tagairtí do bhrandáil agus do dhath na dtáirgí sin a áireamh sa teastas fála agus sa sonraisc um chealú a bhaineann leis na táirgí sin.

2)    Maidir le hAirteagail 2(1)(a), 63 agus 78(1)(a) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    go gcuirtear cosc léi ar fhorálacha nó ar chleachtais náisiúnta ar dá réir, i gcás athbhunú isteach sa stóras cánach táirgí fuinnimh atá le húsáid mar bhreosla téimh, a fhorchuirtear CBL ar an méid arna shocrú ag an údarás cánach mar fhormhuirear dleachta máil toisc go gcuirtear an dleacht mháil arna shocrú le haghaidh ola gháis atá le húsáid mar bhreosla mótair ar na táirgí sin, ach amháin má dhéantar idirbhirt inchánach, eadhon soláthar an táirge fuinnimh atá i gceist chun é a úsáid mar bhreosla mótair.

____________

1 IO C 155, 2.5.2023.