Iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Blagoevgrad (an Bhulgáir) a taisceadh an 4 Deireadh Fómhair 2023 – ‘Ati-19’ EOOD v Nachalnik na otdel ‘Operativni deynosti’ – Sofia v Glavna direktsia ‘Fiskalen kontrol’ pri Tsentralno upravlenie na Natsionalna agentsia za prihodite
(Cás C-605/23, Ati-19)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Administrativen sad Blagoevgrad
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: ‘Ati-19’ EOOD
Cosantóir: Nachalnik na otdel ‘Operativni deynosti’ – Sofia v Glavna direktsia ‘Fiskalen kontrol’ pri Tsentralno upravlenie na Natsionalna agentsia za prihodite
Na ceisteanna a tharchuirtear
An bhfuil Airteagal 47(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh le léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc ar rialacha náisiúnta maidir le cosaint i gcoinne forfheidhmiú beart arna dtabhairt isteach ag an reachtas naisiúnta chun cosaint a thabhairt i gcoinne an leasa dá bhforáiltear in Airteagal 273 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, 1 ar ina chomhthéacs sin a bhfuil raon feidhme an athbhreithnithe bhreithiúnaigh teoranta don damáiste a fulaingíodh a bheith ann?
____________
1 IO 2006 L 347, lch. 1.