Language of document :

Caingean arna tabhairt an 8 Márta 2024 – EUSPA v Eastern Airways (UK)

(Cás T-155/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (ionadaí: E. Villa, Gníomhaire)

Cosantóir: Eastern Airways (UK) Ltd (Sutton Coldfield, an Ríocht Aontaithe)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a ordú don chosantóir suim EUR 247 033.60 a aisíoc, i gcomhar le hús íocaíochta déanaí arbh ionann é agus 3.50 % den príomhshuim ó 21 Meán Fómhair 2021 go dtí go n-íocfar é; agus

a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheist dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin.

Líomhnaítear ag an iarratasóir go bhfuil sé i dteideal aisíocaíocht a fháil ar an méid réamh-mhaoinithe arna dheonú chun críocha Chomhaontú Deontais Uimh. GSA/GRANT/EGNOS/02/2014 (‘an Comhaontú Deontais’), de bharr:

nár chuir an cosantóir an gníomh i bhfeidhm, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú Deontais, agus nár chomhlíon sé a chuid oibleagáidí suntasacha conarthacha faoin gComhaontú Deontais, rud ba chúis le foirceannadh dlisteanach an chomhaontaithe sin;

go dtugann tromchúis teipeanna an chosantóra údar le haisghabháil iomlán an mhéid réamh-mhaoinithe thuasluaite, toisc nár bhaineadh amach aon chuspóir den ghníomh faoi thráth an fhoirceanta dhlisteanaigh den gComhaontú Deontais agus níor thug an gníomh aon torthaí a bhí beartaithe ag an gcosantóir ina thogra;

rinne an t-iarratasóir na bearta nós imeachta forordaithe roimh aisghabháil.

____________