Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Bealtaine 2024 – Ryanair v an Coimisiún (Condor ; cabhair athstruchtúrúcháin)

(Cás T-28/22) 1

(Státchabhair – Margadh aeriompair na Gearmáine – Cabhair athstruchtúrúcháin arna dheonú ag an nGearmáin d’aerlíne – Coinníollacha na n-iasachtaí arna ndeonú ag an nGearmáin a mhodhnú agus fiacha a chur ar neamhní go páirteach  – Cinneadh gan agóid a dhéanamh – Caingean le haghaidh neamhniú – Locus standi – Do-ghlacthacht – Cearta nós imeachta a chosaint – Mórdheacrachtaí – Airteagal 107(3)(c) TFUE – Pointe 67 de na Treoirlínte maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu – Comhroinnt ualaigh)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Ryanair DAC (Sord, Éire) (ionadaithe: E. Vahida, S. Rating agus I.-G. Metaxas-Maranghidis, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: I. Barcew, V. Bottka agus J. Ringborg, Gníomhairí)

Idiragraithe, mar thaca leis an gcosantóir: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (ionadaithe: J. Möller, P.-L. Krüger agus J. Buhl, Gníomhairí), Condor Flugdienst GmbH (Neu-Isenburg, an Ghearmáin) (ionadaithe: A. Rosenfeld, S. Lünenbürger, A. Birnstiel agus S. Blazek, Dlíodóirí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh C(2021) 5729 final ón gCoimisiún an 26 Iúil 2021 maidir le státchabhair SA.63203 (2021/N) – an Ghearmáin – Cabhair athstruchtúrúcháin do Condor, ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Cuirtear Cinneadh C(2021) 5729 final ón gCoimisiún an 26 Iúil 2021 maidir le státchabhair SA.63203 (2021/N) – an Ghearmáin – Cabhair athstruchtúrúcháin do Condor, ar neamhní.

Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Ryanair DAC a íoc.

Ordaítear do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus do Condor Flugdienst GmbH a gcostais féin a íoc.

____________

1     IO C 109, 7.3.2022.