Iarraidh ar réamhrialú ón Cour d'appel de Mons (an Bheilg) an 17 Deireadh Fómhair 2022 – Fédération internationale de football association (FIFA) v BZ
(Cás C-650/22)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Cour d’appel de Mons
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Fédération internationale de football association (FIFA)
Cosantóir: BZ
An cheist a tharchuirtear:
An gcaithfear Airteagail 45 agus 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis:
- ar phrionsabal na dlúthpháirtíochta idir an t-imreoir agus an club ar mian leo a cheangal go n-íocfaí an cúiteamh a bhí dlite don chlub lenar cuireadh deireadh leis an gconradh gan chúis chóir, mar a shonraítear in Airteagal 17.2 den RSTJ [Rialacháin maidir le Stádas agus Aistriú Imreoirí] de chuid FIFA, in éineacht leis na smachtbhannaí spóirt dá bhforáiltear in Airteagal 17.4 de na rialacháin chéanna agus leis na smachtbhannaí airgeadais dá bhforáiltear in Airteagal 17.1;
- ar an bhféidearthacht don comhaontas ar a bhfuil iar-chlub an imreora ag brath gan an deimhniú aistrithe idirnáisiúnta, atá riachtanach le haghaidh síniú an imreora ag club nua, a eisiúint, sa chás go bhfuil díospóid ann idir an iar-chlub sin agus an t-imreoir (Airteagal 9.1 den RSTJ de chuid FIFA agus Airteagal 8.2.7 d'iarscríbhinn 3 den RSTJ sin).
____________