Language of document :

Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 8 Samhain 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Gießen - an Ghearmáin) - GM v Bundesrepublik Deutschland

(Cás C-333/23 1 , Habonov 2 )

(Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 267 CFAE – Airteagal 53(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – An dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE – Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Neamhspleáchas breithiúna – Treoir 2000/78/CE – Toirmeasc ar idirdhealú ar fhorais aoise – Léiriú riachtanach chun go mbeidh an chúirt a rinne an tarchur in ann breithiúnas a thabhairt – Neamhláithreacht – Do-ghlacthacht fhollasach)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgericht Gießen

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: GM

Cosantóir: Bundesrepublik Deutschland

An chuid oibríochtúil

Tá an iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Gießen (Cúirt Riaracháin, Giessen, an Ghearmáin), le cinneadh an 19 Bealtaine 2023, doghlactha go follasach.

____________

1 IO C 278, 7.8.2023.

1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.