Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Feabhra 2024 – BIW Invest v EUIPO – New Yorker Marketing & Media International (Compton)
(Cás T-747/22) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Marc fíortha ‘Compton’ – Dearbhfhorais neamhbhailíochta – Easpa tuairisciúlacht – Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois) – Saincháilíocht – Airteagal 7(1)(b) de Rialachán Uimh. 207/2009 (Airteagal 7(1)(b) de Rialachán 2017/2011 anois))
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: BIW Invest AG (Appenzell, an Eilvéis) (ionadaithe: E. Mielke, U. Stelzenmüller agus J. Weiser, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Nicolás Gómez, Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, atá mar idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: New Yorker Marketing & Media International GmbH (Braunschweig, an Ghearmáin) (ionadaithe: M. Hartmann, S. Fröhlich agus H. Lerchl, Dlíodóirí)
Maidir le:
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 16 Meán Fómhair 2022 (Cás R 1913/2021-2) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Cuirtear an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 16 Meán Fómhair 2022 (Cás R 1913/2021-2) ar neamhní.
Ordaítear do EUIPO agus New Yorker Marketing & Media International GmbH a gcostais féin a íoc agus leath de na costais arna dtabhú ag BIW Invest AG, lena n-áirítear na costais arna dtabhú de riachtanas chun críche na n-imeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO.
____________
1 IO C 24 an 23.1.2023.