Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Feabhra 2024 – Puma v EUIPO – Société d’équipements de boulangerie pâtisserie (BERTRAND PUMA La griffe boulangère)
(Cás T-184/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh BERTRAND PUMA La griffe boulangère – Marc fíortha níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh PUMA – Foras coibhneasta le diúltú – Easpa dochar do chlú – Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Nasc idir na marcanna atá faoi chonspóid)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Puma SE (Herzogenaurach, an Ghearmáin) (ionadaithe: M. Schunke agus P. Trieb, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Gája agus V. Ruzek, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Société d’équipements de boulangerie pâtisserie (Portes-Lès-Valence, an Fhrainc)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 23 Eanáir 2023 (Cás R 2420/2020 1) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1) Díbhtear an chaingean.
2) Ordaítear do Puma SE na costais a íoc.
____________
1 IO C 179, 22.5.2023.