Ordú na Cúirte Ginearálta an 26 Feabhra 2024 – Thomas Henry v EUIPO – Shanghai Chengzhi Enterprise Service Center (MATE MATE)
(Cás T-505/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh MATE MATE – Dearbhfhoras neamhbhailíochta – Cineál tuairisciúil – Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Thomas Henry GmbH (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaithe: O. Spieker, D. Mienert, J. Si-Ha Selbmann agus K. Uzman, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaí: D. Gája, Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Shanghai Chengzhi Enterprise Service Center (Shanghai, an tSín)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 21 Meitheamh 2023 (Cás R 2364/2022-4) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.
____________
1 IO C/2023/33, 9.10.2023.