Ordú na Cúirte Ginearálta an 21 Feabhra 2024 – VR v an Pharlaimint
(Cás T-171/23) 1
(Státseirbhís – Baill foirne ar conradh – Foirceannadh an chonartha – An gníomh a chonspóidtear a tharraingt siar – Cúiteamh as damáiste neamhábhartha – Dul in éag ábhar na díospóide – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)
Teanga an cháis: an Fhraincís
Páirtithe
Iarratasóir: VR (ionadaithe: L. Levi agus P. Baudoux, Dlíodóirí)
Cosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: S. Seyr, K. Zejdová agus R. Schiano, Gníomhairí)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go gcuirfí ar neamhní cinneadh an 9 Meitheamh 2022 lena bhfoirceanntar a chonradh fostaíochta agus cinneadh an 20 Nollaig 2022 lena ndiúltaítear dá ghearán dírithe i gcoinne an chinnidh atá faoi chonspóid agus, ar an dara dul síos, go gcúiteofaí an damáiste a bhain dó.
An chuid oibríochúil
Ní gá rialú a dhéanamh ar an gcaingean a thuilleadh.
Ordaítear do Pharlaimint na hEorpa na costais a íoc.
____________
1 IO C 173, 15.5.2023.