Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Feabhra 2024 – House Foods Group v CPVO (SK20)
(Cás T-556/22)1
(Cearta maidir le cineálacha plandaí – Ceart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí a dheonú don chineál SK20 – Neamh-inghlacthacht an achomhairc os comhair an Bhoird Achomhairc – Gan leas in imeachtaí a thionscnamh – Airteagal 81(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: House Foods Group, Inc. (Osaka, an tSeapáin) (ionadaí: G. Würtenberger, Dlíodóir)
Cosantóir: an Oifig Comhphobail um Chineálacha Plandaí (ionadaithe: M. García-Moncó Fuente agus O. Lamberti, Gníomhairí)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí Cinneadh ó Bhord Achomhairc na hOifige Comhphobail um Chineálacha Plandaí (CPVO) an 1 Iúil 2022 (Cás A 018/2021) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Díbhtear don chaingean.
Ordaítear do The House Foods Group, Inc. na costais a íoc.
____________
1 IO C 424, 7.11.2022.