Caingean arna tabhairt an 13 Feabhra 2024 – Purwana v EUIPO (EAST INDIES GIN)
(Cás T-73/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Victor Waskito Purwana (Petojo utara, an Indinéis) (ionadaí: N. Scholz-Recht, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil le marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘EAST INDIES GIN’ - Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach Uimh. 1 709 139
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 29 Samhain 2023 i gCás R 1927/2023-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheist (Saincheisteanna) dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 7(1)(c) agus 7(2) i gcomhar le hAirteagal 95(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Sárú ar Airteagal 7(1)(g) i gcomhar le hAirteagal 95(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________