Achomharc arna thabhairt an 8 Meitheamh 2023 ag Compagnie industrielle de la matière végétale (CIMV) i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a fógraíodh an 29 Márta 2023 i gCás T-26/22, CIMV v an Coimisiún
(Cás C-366/23 P)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Achomharcóir: Compagnie industrielle de la matière végétale (CIMV) (ionadaithe: B. Le Bret, R. Rard agus P. Renié, avocats)
Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
a dhearbhú go bhfuil an t-achomharc seo in-ghlactha agus go bhfuil bunús leis;
an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní;
rialú críochnaitheach a thabhairt ar an tsubstaint, i gcomhréir le hAirteagal 61 de Reacht na Cúirte Breithiúnais agus, go príomha, an t-ordú atá á lorg ag CIMV sa chéad chéim a thabhairt nó, mar mhalairt rogha, Airteagal 3 den Chinneadh ón gCoimisiún a chur ar neamhní a mhéid a fhoráiltear leis do dhul i muinín forghníomhú riachtanach;
mar mhalairt rogha eile, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta;
a ordú don Choimisiún na costais go léir a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca lena achomharc, ardaíonn an t-achomharcóir dhá shaincheist dlí:
Ar an gcéad dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus chuir sí na fíricí as a riocht agus measúnú á dhéanamh aici ar shárú ar phrionsabal chosaint an ionchais dhlisteanaigh, ós rud é gur cheart di a chinneadh go raibh an prionsabal sin á shárú ag an gCoimisiún Eorpach, i bhfianaise an ionchais dhlisteanaigh arna chruthú le freagra an Choimisiúin ar CIMV.
Ar an dara dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus chuir sí na fíricí as a riocht, ós rud é gur cheart di a chinneadh gur glacadh an cinneadh de shárú ar chearta na cosanta agus ar an gceart chun éisteacht a fháil, i bhfianaise gur mó a bhí idir scrúdú a dhéanamh ar an gcomhad, cumarsáid a dhéanamh go deireanach leis an achomharcóir agus glacadh an chinnidh.
____________