Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Juzgado de Primera Instancia nº 8 de Donostia – San Sebastián (an Spáinn) an 16 Samhain 2023 – FG v Caja Rural de Navarra SCC

(Cás C-699/23)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Juzgado de Primera Instancia nº 8 de Donostia – San Sebastián

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: FG

Cosantóir: Caja Rural de Navarra SCC

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil sé i gcontrárthacht le prionsabal na trédhearcachta comisión de apertura (‘táille láimhseála’) a ghearradh as soláthar seirbhísí ag an díoltóir nó ag an soláthróir, nach sainítear a n-ábhar ná an raon ama a chuirtear ar fáil chun a ndéanta, rud a chuireann cosc ar an tomhaltóir a fhíorú, ar an gcéad dul síos, an bhfuil bailiú na táille i gcomhréir leis an gcomhaontú, nó leis an sceideal praghsanna, nó, ar aon chuma, an bhfuil sé réasúnta de réir chineál na seirbhíse, agus, ar an taobh eile, nach bhfuil aon seirbhís ag forluí ar a chéile, nach bhfuil an tomhaltóir ag íoc as seirbhísí a bhfuil a luach saothair san áireamh cheana féin ar mhaithe le hús sochrach, agus nach bhfuil an díoltóir nó an soláthróir ag bailiú na táille faoi dhó ar aon seirbhís eile?

An bhfuil sé i gcontrárthacht le prionsabal na trédhearcachta más rud é, nuair a d’fhógair an díoltóir nó an soláthraí an ráta úis a thairg sé i gcás iasachtaí morgáiste atá beartaithe do thomhaltóirí, nár fhógair sé an comisión de apertura a bhí le híoc freisin ar shíniú an chonartha fhógartha, go háirithe i gcás inar céatadán aitheanta, réamhchinntithe agus do-athraithe den iasacht a deonaíodh é an comisión sin, gan beann ar mhéid na hiasachta?

An bhfuil an measúnú ar an iarratas agus na céimeanna gaolmhara, bailiú agus anailís faisnéise maidir le hacmhainneacht creidmheasa an iarratasóra agus a chumas an iasacht a íoc ar feadh a tréimhse iomláine, agus an measúnú ar an gcomhthaobhacht a sholáthraítear ina gcuid de na seirbhísí a íoctar leis an táille láimhseála nuair a fhormheastar agus nuair a thugtar an t-iarratas ar iasacht i gcrích, agus mura ngearrtar na seirbhísí céanna nuair a dhiúltaítear an t-iarratas ar iasacht, an féidir a thuiscint gur seirbhísí iad sin a bhaineann go sonrach le baincéireacht, ar cuid de phrótacal slándála iad nach mór don eintiteas na costais lena mbaineann a íoc, mar a léirítear i dTreoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí a bhaineann le maoin dhochorraithe chónaithe 1 ?

Más rud é go n-íoctar as seirbhísí nach cuid de ghníomhaíocht an eintitis a thugann an iasacht féin iad leis an táille láimhseála, agus ar an gcúis sin go n-íoctar astu de bhreis ar an ngnáthráta úis, nár cheart don eintiteas sin, dá bhrí sin, an sonrasc comhfhreagrach a sholáthar don tomhaltóir le miondealú agus CBL a bhaineann le haon soláthar seirbhíse?

An bhfuil sé i gcontrárthacht le prionsabal na trédhearcachta mura raibh sceideal praghasanna ag díoltóir nó soláthróir a d’fhorchuir íocaíocht táille láimhseála mar phraghas ar shraith seirbhísí an-sonrach le tabhairt don tomhaltóir, roimh thabhairt i gcrích an chonartha, le praghas in aghaidh na huaire ar gach ceann de na seirbhísí sin, ionas go bhféadfadh an tomhaltóir, ar an gcéad dul síos, a bheith ar an eolas roimh ré faoi chostas deiridh a chomhaontaithe iasachta agus, ar an dara dul síos, praghas na seirbhísí sin a chur i gcomparáid leis na praghsanna arna dtairiscint ag díoltóirí nó soláthróirí eile?

An bhfuil sé i gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta don díoltóir nó don soláthróir airgead a ghearradh ar shraith seirbhísí an-sonrach atá fíor-riachtanach chun an conradh arna lorg ag an dá pháirtí a thabhairt i gcrích trí chéatadán de mhéid iomlán na hiasachta a deonaíodh a asbhaint, ionas gur tugadh sonrasc maidir leis an seirbhís chéanna, arna soláthar ag an líon céanna daoine agus le linn na tréimhse céanna, mar a bheadh comisión de apertura ann, ar mhéideanna éagsúla airgid ag brath ar mhéid na hiasachta arna deonú i ngach cás?

An bhfuil athbhreithniú trédhearcachta i gcontrárthacht le hAirteagal 4(2) de Threoir 93/13/CEE 1 ar dá réir a chinntear go bhfuil an clásal a bhaineann leis an comisión de apertura mí-úsáideach, ag brath ar cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil an méid airgid níos mó ná figiúr sonrach a dhíorthaítear ó staidreamh ar maidir leis an táille úd a fhaightear tríd an idirlíon?

An bhfuil cásdlí náisiúnta i gcontrárthacht le hAirteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13/CEE ar dá réir a chinntear cineál díréireach an comisión de apertura ar bhonn mhéid na dtáillí láimhseála arna gcur i bhfeidhm sa Spáinn, de réir na staidreamh, a forchuireadh tráth nach raibh na clásail lena n-ionchorpraítear an táille láimhseála faoi réir athbhreithniú maidir le mí-úsáideacht sa Spáinn?

An bhfuil sé i gcontrárthacht le prionsabal na héifeachtachta más rud é, i gconarthaí a rinneadh roimh thrasuí Threoir 2014/17/AE ag Ríocht na Spáinne sa dlí náisiúnta, go ngearrann an díoltóir nó an soláthróir táille láimhseála lena n-íoctar as an measúnú ar acmhainneacht creidmheasa an iasachtaí ionchasaigh agus ar indéantacht an idirbhirt, nuair nach féidir lena leithéidí de mheasúnaithe aon chostas a chur ar an iasachtaí ionchasach a thuilleadh, tar éis thrasuí na Treorach sin?

An gcaithfear Airteagal 3(1) de Threoir 93/13/CEE a léiriú ar chaoi go gcuirtear cosc leis ar chásdlí náisiúnta amhail an cásdlí a bhunaigh an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach) in STS 816/2023 an 29 Bealtaine, ar dá réir nach gceanglaítear leis an athbhreithniú ar mhí-úsáideacht an chlásail a bhaineann leis an comisión de apertura go sonrófar cé na seirbhísí a íoctar astu leis an comisión de apertura nó ag an bpraghas a ghearrtar orthu, agus go bhfuil an t-athbhreithniú sin ar mhí-úsáideacht teoranta d’fhíorú an leagtar amach go soiléir an clásal sin an méid airgid atá le híoc ag an tomhaltóir agus an sáraítear leis an teorainn a leagtar síos lena mheas go bhfuil sé díréireach?

____________

1 Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí i dtaca le maoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 – IO 2014 L 60, lch. 34

1 Treoir 93/13/CEE an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra IO 1993 L 95, lch. 29