Iarraidh ar réamhrialú ó Kammergerichts Berlin (an Ghearmáin) arna taisceadh an 23 Deireadh Fómhair 2023 - WBS GmbH
(Cás C-635/23, WBS GmbH)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Kammergericht Berlin
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: WBS GmbH
Páirtí leasmhar: Generalstaatsanwaltschaft Berlin
An cheist a tharchuirtear
An gceadaítear d’údarás inniúil eile Ordú Imscrúdaithe Eorpach a bhaineann le beart arna fhorchoimeád do na cúirteanna faoi dhlí an Stáit eisiúna a eisiúint, de réir bhrí Airteagal 2(c)(ii) de Threoir 2014/41/AE 1 , i gcomhar le húdarás bailíochtaithe neamhbhreithiúnach, má tá an beart imscrúdaithe údaraithe cheana ag cúirt de chuid an Stáit eisiúna i gcomhréir leis na hoibleagáidí dá bhforáiltear i dTreoir 2014/41/AE chun measúnuithe a dhéanamh agus cúiseanna a lua?
____________
1 Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla (IO 2014 L 130, lch. 1).