Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 9 Feabhra 2024 – Ciar v EUIPO – Motion(Gléas le haghaidh athchlaonadh/ardú)
(Cás T-100/22) 1
(Dearadh comhphobail – Imeachtaí neamhbhailíochta – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Ciar SpA (Pesaro, an Iodáil) (ionadaithe: L. Goglia, S. Lavagnini agus B. Villa, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. Nicolás Gómez agus R. Raponi, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Motion SpA (Forlì, an Iodáil) (ionadaithe: S. Corona agus G. Ciccone, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 9 Nollaig 2021 (Cás R 50/2017-3) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1) Ní gá breith a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh.
2) Ordaítear do Ciar SpA agus Motion SpA a gcostais féin agus leath amháin an duine de na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a íoc.
____________
1 IO C 148, 4.4.2022.