Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski gradski sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 10 Deireadh Fómhair 2022 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne OT, PG, CR, VT, MD

(Cás C-634/22)

Teanga an cháis: an Bhulgairis

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski gradski sad

Na cúisithe sna himeachtaí coiriúla

OT, PG, CR, VT, MD

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 2, Airteagal 6(1) agus (3) agus an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léiriú sa chaoi go gcuirtear isteach ar neamhspleáchas cúirte, a bhfuil deireadh curtha léi leis an leasú a glacadh leis an Zakon za sadebnata vlast (Dlí maidir leis an mbreithiúnacht) (DV Uimh. 32/26 Aibreán 2022, le héifeacht ón 27 Iúil 2022), cé nach mór do na breithiúna, go dtí an dáta sin agus ina dhiaidh sin, déileáil fós leis na cásanna ina raibh réamhéisteachtaí atá ag feitheamh os comhair na cúirte sin, i gcás ina gcuirtear deireadh leis an gcúirt sin ar an bhforas go ndéantar an prionsabal bunreachtúil maidir le neamhspleáchas na breithiúnachta agus cosaint chearta bunreachtúla na saoránach a chaomhnú, cé nach léirítear mar is cóir na fíorais is bonn leis an gconclúid sin gur sáraíodh na prionsabail sin[?]

An gcaithfear na forálacha thuasluaite de dhlí AE a léiriú sa chaoi go gcuirtear bac leo ar fhorálacha náisiúnta amhail na forálacha sa Dlí lena leasaítear agus lena bhforlíontar an Dlí maidir leis an mbreithiúnacht (DV Uimh. 32/26 Aibreán 2022), lena gcuirtear deireadh iomlán le húdarás breithiúnach neamhspleách sa Bhulgáir (an Chúirt Choiriúil Speisialaithe) ar an bhforas thuasluaite agus lena n-aistrítear breithiúna (na breithiúna ar an bpainéal ag éisteacht an cháis choiriúil seo ina measc) ón gcúirt sin go cúirteanna éagsúla eile, cé go gceanglaítear ar na breithiúna sin go ndéileálfaidh siad fós leis na cásanna a bhí os comhair na cúirte sin ar cuireadh deireadh léi agus a raibh tús curtha leo cheana?

Más ea, cé na bearta nós imeachta atá le déanamh – i bhfianaise thosaíocht dhlí AE freisin – ag breithiúna na gcúirteanna a bhfuil deireadh curtha leo cheana sna cásanna sa chúirt ar cuireadh deireadh léi (nach mór dóibh, faoin dlí, clabhsúr a chur leo), ag féachaint freisin dá n-oibleagáid mionscrúdú a dhéanamh i dtaobh an cóir dóibh éirí as na cásanna sin mar gheall ar réamhchlaonadh? Cé na hiarmhairtí a bheadh leis sin ar chinntí nós imeachta na cúirte ar cuireadh deireadh léi cheana sna cásanna nach mór clabhsúr a chur leo agus ar na gníomhartha dlí lena gcuirtear clabhsúr leis na himeachtaí sna cásanna sin?

____________