Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 18 Aibreán 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski gradski sad – an Bhulgáir) – imeachtaí coiriúla i gcoinne OT, PG, CR, VT, MD

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-634/22 1 OT agus páirtithe eile (Deireadh a chur le cúirt))

(Tarchur chun réamhrialú – Luachanna agus cuspóirí an Aontais Eorpaigh – Airteagal 2 CAE – Smacht reachta – An dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE – Binse neamhspleách neamhchlaonta – Cumhachtaí breithiúnacha a atheagrú laistigh de Bhallstát –Deireadh a chur le cúirt choiriúil speisialaithe – Do-ghlacthacht fhollasach na hiarrata ar réamhrialú)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski gradski sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí coiriúla

OT, PG, CR, VT, MD

Idiragraí: Sofiyska gradska prokuratura

An chuid oibríochtúil

Tá an iarraidh ar réamhrialú arna cur isteach ag Sofiyski gradski sad (Cúirt Chathair Sóifia, an Bhulgáir), le cinneadh an 28 Meán Fómhair 2022, do-ghlactha.

____________

1 IO C 24, 23.1.2023.