Iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Pleven (Bulgarien), a taisceadh an 9 Lúnasa 2023 – Obshtina Pleven v Rakovoditel na Upravlyavashtia organ na Operativna programa “Regioni v rastezh” 2014–2020
(Cás C-513/23, Obshtina Pleven)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Administrativen sad Pleven
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Obshtina Pleven
Cosantóir: Rakovoditel na Upravlyavashtia organ na Operativna programa „Regioni v rastezh“ 2014–2020
An cheist a tharchuirtear
An gcaithfear Airteagal 42(3)(b) de Threoir 2014/24/AE 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE a léiriú sa chaoi go gceadaítear reachtaíocht agus cásdlí náisiúnta, ar dá réir a bhfuil údarás conarthach i gcónaí faoi oibleagáid, san fhógra tairisceana tagairt “nó a choibhéis” a áireamh i ngach tagairt do chaighdeán atá le comhlíonadh, fiú i gcás ina gceanglaítear comhlíonadh caighdeán comhchuibhithe a glacadh ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 2 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComahirle nó ar bhonn Threoir 89/206/CEE, atá aisghairthe anois?
____________
1 IO 2014 L 94, lch. 65.
1 IO 2011 L 88, lch. 5.