Language of document :

Caingean arna tabhairt an 20 Eanáir 2023 – an Ghréig v an Coimisiún

(Cás T-18/23)

Teanga an cháis: an Ghréigis

Páirtithe

Iarratasóir: an Phoblacht Heilléanach (ionadaithe: E. Leftheriotou, A.-E. Vasilopoulou agus O. Pastellas)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún C(2022)8047 final an 15 Samhain 2022 maidir leis na hiarmhairtí airgeadais atá le cur i bhfeidhm i leith an chaiteachais arna mhaoiniú ag an gCiste Eorpach um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta, roinn “Treoraíochta” (“CETRT-T”), i gcásanna neamhrialtachta ar leith sa Ghréig a chur ar neamhní ina iomláine;

mar mhalairt air sin, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní suas go dtí an méid atá comhfhreagrach leis an gcuid den aisghabháil a chuir an chúirt náisiúnta ar neamhní i gcás 2014/10019, is é sin le rá an méid atá le haisghabháil sa chás seo a laghdú ó EUR 145 854.46 go EUR 48 619.63; agus

a ordú don chosantóir costais na Poblachta Heilléanaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena líomhnaítear easpa bunúis dlí leis an gcinneadh atá faoi chonspóid maidir leis an méid atá faoi chonspóid a fhorchur, a mhéid a aisghaireadh Rialachán (CE) Uimh. 1681/941 agus nach bhfuil feidhm aige a thuilleadh i leith cásanna a tháinig chun cinn i gclárthréimhse 1994-1999, agus nach bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1306/20132 ach le cásanna neamhrialtachta i gcomhthéacs an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT).

An dara saincheist dlí, lena líomhnaítear earráid fíorais a mhéid a mheas an Coimisiún nár léirigh údaráis na Gréige dícheall agus cás 2014/10019 á bhainistiú acu. Thairis sin, maíonn an Phoblacht Heilléanach go bhfuil sé díréireach suim EUR 145 854.46 a fhorchur.

____________

1     Rialachán (CE) Uimh. 1681/94 ón gCoimisiún an 11 Iúil 1994 maidir le neamhrialtachtaí agus aisghabháil suimeanna arna n-íoc go mícheart maidir le maoiniú na mbeartas struchtúrach agus eagrúchán córais faisnéise sa réimse seo (IO 1994 L 178, lch. 43).

1     Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 549).