Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Varna (an Bhulgáir) a taisceadh an 28 Meitheamh 2022 – “DEVNIA TSIMENT” AD v Zamestnik-predsedatel na Darzhavna agentsia “Darzhaven rezerv i voennovremenni zapasi”

(Cás C-428/22)

Teanga an cháis: an Bhulgairis

An chúirt a rinne an tarchur

Administrativen sad Varna

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: “DEVNIA TSIMENT” AD

Cosantóir: Zamestnik-predsedatel na Darzhavna agentsia “Darzhaven rezerv i voennovremenni zapasi”

Na ceisteanna a tharchuirtear

Ag féachaint do chuspóir na Treorach agus Airteagal 2(d) de Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le staidrimh i dtaca le fuinneamh agus i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta de bhun Airteagal 52(1) i gcomhar le hAirteagal 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, an gcaithfear aithris 33 agus Airteagail 1, 3, 8, agus 2(i) agus (j) de Threoir 2009/119/CE 2 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2009 lena bhforchuirtear oibleagáid ar Bhallstáit stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choimeád a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht i gceist sna príomhimeachtaí, lena bhforáiltear go bhféadfar oibleagáid a chur ar dhaoine a chuir fáltais laistigh den Chomhphobal de chóc peitriliam chun críocha táirgthe faoi Phointe 3.4.23 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 i gcrích cúlstoc a chruthú?

An gcaithfear aithris 33 agus Airteagail 1, 3, 8, agus 2(i) agus (j) den Treoir a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht i gceist sna príomhimeachtaí, lena bhforáiltear go bhfuil na cineálacha táirgí nach mór cúlstoc dóibh a chruthú agus a choimeád teoranta do chuid de na cineálacha táirgí a leagtar síos in Airteagal 2(i) den Treoir sin, i gcomhar le Caibidil 3.4 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008?

An gcaithfear aithris 33 agus Airteagail 1, 3, 8, agus 2(i) agus (j) den Treoir a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht i gceist sna príomhimeachtaí, lena bhforáiltear go bhfuil oibleagáid ar dhuine a dhéanann fáltais nó allmhairiú laistigh den Chomhphobal de chineál amháin de na táirgí dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) den Treoir, i gcomhar le Caibidil 3.4 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008, cúlstoc de chineál eile táirge dhifriúil a chruthú agus a choimeád?

An gcaithfear aithris 33 agus Airteagail 1, 3, 8, agus 2(i) agus (j) den Treoir a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht i gceist sna príomhimeachtaí, lena bhforáiltear go bhfuil oibleagáid ar dhuine stoc a chruthú agus a choimeád de tháirge nach n-úsáideann sé le linn a ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus nach mbaineann leis an ngníomhaíocht sin, sa chaoi is go mbíonn ualach mór airgeadais i gceist leis sin freisin (nach bhféadfaí, mar thoradh air sin, a chomhlíonadh sa chleachtas) toisc nach bhfuil an táirge sin ag an duine agus nach ndéanann sé é a allmhairiú ná a choimeád?

Más freagra diúltach a thabharfar ar aon cheann de na ceisteanna sin: Ag féachaint do chuspóir na Treorach agus i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta de bhun Airteagal 52(1), i gcomhar le hAirteagal 17, den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, an gcaithfear aithris 33 agus Airteagail 1, 3, 8, agus 2(i) agus (j) de Threoir 2009/119/CE ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2009 lena bhforchuirtear oibleagáid ar Bhallstáit stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choimeád a léirmhíniú sa chaoi nach bhféadfadh allmhaireoir de chineál áirithe táirge a bheith faoi oibleagáid ach cúlstoc den chineál sin táirge amháin a bhí ina ábhar den allmhairiú a chruthú agus a choimeád?

____________

1 IO 2008 L 304, lch. 1.

1 IO 2009 L 265, lch. 9.