Language of document :

Caingean arna tabhairt an 24 Aibreán 2024 – Kerkosand v an Coimisiún

(Cás T216/24)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Kerkosand spol. s r. o. (Šajdíkove Humence, Poblacht na Slóvaice) (ionadaithe: A. Rosenfeld agus C. Holtmann, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a chinneadh gur mhainnigh an Coimisiún Eorpach go neamhdhleathach bearta a ghlacadh chun breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 9 Meán Fómhair 2020 i gCás T-745/17 a fhorghníomhú agus an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil faoi Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2015/1589 a thionscnamh sa chás Státchabhair SA.38121 [2016/FC] – Poblacht na Slóvaice ‘Cabhair infheistíochta i bhfabhar táirgeoir Slóvacach gainimh silice NAJPI a.s.’1

a ordú don Choimisiún Eorpach na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir na saincheisteanna dlí seo a leanas.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar Airteagal 266 CFAE

I gcomhthéacs na chéad saincheiste dlí, cáineann an t-iarratasóir an Coimisiún as mainneachtain a dhéanamh san oibleagáid atá air faoi Airteagal 266 CFAE de bhrí nár ghlac sé na bearta atá i gceist le forghníomhú an bhreithiúnais a thug an Chúirt Ghinearálta an 9 Meán Fómhair 2020 i gCás T-745/17 agus trí staonadh ón nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a thionscnamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/1589 sa chás a bhaineann le Státchabhair SA.38121 [2016/FC] – an tSlóvaic ‘cabhair infheistíochta i bhfabhar táirgeoir Slóvacach gainimh silice NAJPI a.s.’. Leis an mbreithiúnas sin, chuir an Chúirt Ghinearálta an cinneadh atá faoi chonspóid ar neamhní. Dar leis an gCúirt Ghinearálta, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in amhras, le linn an imscrúdaithe ar an gcabhair, an raibh an chabhair sin ag luí leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2015/1589. Áitíonn an t-iarratasóir, de bhrí nach bhfuil aon chinneadh glactha go fóill ag an gCoimisiún maidir le nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a thionscnamh, go bhfuil sárú déanta ar Airteagal 266 CFAE.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar Airteagal 108 CFAE agus Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2015/1589

I gcomhthéacs an dara saincheist dlí, áitíonn an t-iarratasóir gur mhainnigh an Coimisiún an oibleagáid a bhí air faoi Airteagal 108(2) CFAE agus Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2015/1589 a chomhlíonadh, trína neamhghníomh. Maíonn sé go bhfuil oibleagáid ar an gCoimisiún faoi Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2015/1589, an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil dá bhforáiltear in Airteagal 108(2) CFAE a thionscnamh má fhaigheann sé, tar éis réamhscrúdú go bhfuil amhras ann an bhfuil an beart fógartha ag luí leis an margadh inmheánach. I bhfianaise bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta an 9 Meán Fómhair 2020, ba chóir go mbeadh amhras ar an gCoimisiún. Fós féin, níor glacadh aon chinneadh an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a thionscnamh. Tá níos mó ná trí bliana agus seacht mí imithe thart ó fógraíodh breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 9 Meán Fómhair 2020. Mhair an nós imeachta réamhscrúdaithe inar glacadh an cinneadh a cuireadh ar neamhní trí bliana agus sé mhí cheana féin. Is ionann tréimhse iomlán an nós imeachta réamhscrúdaithe anois, agus níos mó ná seacht mbliana, gan aon nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a thionscnamh.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar Airteagal 41(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh 1

I gcomhthéacs an tríú saincheist dlí, áitíonn an t-iarratasóir go ndearnadh sárú ar an gceart chun dea-riaracháin, a chumhdaítear in Airteagal 41(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha. Leis an gceart bunúsach sin, leagtar oibleagáid ar an gCoimisiún nós imeachta riaracháin a chur i gcrích go cuí laistigh de thréimhse chuí agus fad iomarcach sa nós imeachta a sheachaint. Déantar sárú ar cheart bunúsach an iarratasóra de bhrí go bhfuil níos mó ná seacht mbliana imithe thart óna rinne sé gearán i réimse na Státchabhrach agus níor tionscnaíodh nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil. Ar a dhéanaí ó tugadh breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 9 Meán Fómhair 2020, tá Coimisiún faoi oibleagáid é sin a dhéanamh. Tá fad iomarcach an nós imeachta sin, a bhféadfaí a sheachaint, ar neamhréir le prionsabail an dea-riaracháin agus leis an gceart chun nós imeachta riaracháin mear.

____________

1 Breithiúnas an 9 Meán Fómhair 2020, Kerkosand v an Coimisiún (T745/17, EU:T:2020:400).

1 Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO 2015 L 248, lch. 9).

1 IO 2012 C 326, lch. 391.