Caingean arna tabhairt an 21 Feabhra 2024 – Qx World v EUIPO – Scio International (SCIO THETA)
(Cás T-100/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Qx World Kft. (Búdaipeist, an Ungáir) (ionadaithe: Á. László and A. Cserny, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: SC Scio International SRL (Sânmartin, an Rómáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: An páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘SCIO THETA’ – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 15 490 717
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 20 Nollaig 2023 i gCásanna Uamtha R 1054/2021-4 agus R 1080/2021-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a ndearnadh achomharc agus cros-achomharc an iarratasóra a dhiúltiú leis;
an cás a tharchur chuig Boird Achomhairc EUIPO.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 67 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 68(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus ar an gceanglas riachtanach nós imeachta go n-urramófaí cearta an iarratasóra chun dea-riaracháin, leigheas agus éisteacht a fháil.
____________