Language of document : ECLI:EU:C:2023:629

7 Meán Fómhair 2023 (*)

(Mainneachtain Stáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh – Conarthaí poiblí seirbhísí – Clólann Stáit – Táirgeadh doiciméad aitheantais, doiciméad oifigiúil eile agus chóras inbhainistithe na ndoiciméad sin – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do na conarthaí maidir leis an táirgeadh sin a dhámhachtain do ghnóthas san earnáil phoiblí gan tabhairt faoi nós imeachta um dhámhachtain conartha roimh ré – Airteagal 346(1)(a) CFAE – Treoir 2014/24/AE – Airteagal 1(1) agus (3) – Airteagal 15(2) agus (3) – Bearta sonracha slándála – Cosaint ar leasa bunúsacha slándála Stáit)

I gCás C‑601/21,

IMEACHTAÍ mar gheall ar mhainneachtain in oibleagáid a chomhlíonadh faoi Airteagal 258 CFAE, a tionscnaíodh an 28 Meán Fómhair 2021,

an Coimisiún Eorpach, arna ionadú ar dtús ag P. Ondrůšek, M. Siekierzyńska, A. Stobiecka-Kuik agus G. Wils, ina dhiaidh sin ag G. Gattinara, P. Ondrůšek, A. Stobiecka-Kuik agus G. Wils, i gcáil Gníomhairí,

iarratasóir,

v

Poblacht na Polainne, arna hionadú ag B. Majczyna, E. Borawska‑Kędzierska agus M. Horoszko, i gcáil Gníomhairí,

cosantóir,

tugann AN CHÚIRT (an Chéad Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: A. Arabadjiev, Uachtarán Dlísheomra, L. Bay Larsen (Rapóirtéir), Leas-Uachtarán na Cúirte, P. G. Xuereb, T. von Danwitz agus A. Kumin, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: N. Emiliou,

Cláraitheoir: C. Di Bella, Riarthóir,

ag féachaint don chuid i scríbhinn den nós imeachta i ndiaidh na héisteachta ar an 1 Nollaig 2022,

tar éis éisteacht leis an Tuairim ón Abhcóide Ginearálta ag an éisteacht ar an 2 Márta 2023,

an breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Lena iarratas, iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Bhreithiúnais a chinneadh, gur mhainnigh Poblacht na Polainne sna hoibleagáidí a chomhlíonadh atá uirthi de réir Airteagal 1(1) agus (3) agus Airteagal 15(2) agus (3) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n‑aisghairtear Treoir  2004/18/CE (IO 2004 L 94, lch. 65), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 346(1)(a) CFAE, trí eisceachtaí a chur lena reachtaíocht nach bhforáiltear dóibh le Treoir 2014/24/AE a mhéid a bhaineann sí le conarthaí maidir le táirgeadh doiciméad, foirmeacha agus stampaí áirithe.

–       Dlí an Aontais Eorpaigh

2        Foráiltear le hAirteagal 1 de Threoir 2014/24 don mhéid seo a leanas:

“(1)      Leagtar amach leis an Treoir sin na rialacha is infheidhme maidir le nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí ag údaráis chonarthacha a mhéid a bhaineann siad le conarthaí poiblí agus le comórtais, arb ionann nó ar mó a luach measta ná na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 4.

(2)      De réir bhrí na Treorach seo, is éard atá i gceist le soláthar conartha ná fáil oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí, trí chonradh poiblí, ag udarás conarthach amháin nó níos mó ó oibreoirí eacnamaíochta arna roghnú ag na húdaráis sin, bíodh nó ná bíodh cuspóir poiblí leis na hoibreacha, na soláthairtí nó na seirbhisí sin.

(3)      Tá cur chun feidhme na Treorach seo faoi réir Airteagal 346 [CFAE].

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

3        De réir phointí (6) agus (9) d’Airteagal 2(1) den Treoir sin:

“Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

(6)      ciallaíonn “conarthaí poiblí oibreacha” conarthaí poiblí darb aidhm ceann acu seo a leanas:

(a)      oibreacha a dhéanamh amháin, nó oibreacha a leagan amach agus a dhéanamh araon, a bhaineann le ceann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II;

(b)      píosa oibre a dhéanamh amháin, nó píosa oibre a leagan amach agus a dhéanamh araon;

(c)      píosa oibre a chur i gcrích, gan beann ar an gcur i gcrích atá ann, ar píosa oibre é lena gcomhlíontar na ceanglais arna socrú ag údarás conarthach a mbíonn an tionchar is mó á imirt aige ar chineál nó leagan amach an phíosa oibre;

[...]

(9)      ciallaíonn “conarthaí poiblí seirbhísí” conarthaí poiblí darb aidhm soláthar seirbhisí nach seirbhísí dá dtagraítear i mír 6 iad.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4        Socraítear le hAirteagal 4 den Treoir sin na tairsigh a bhfuil feidhm ag an Treoir tharstu.

5        Leagtar amach an méid seo a leanas le hAirteagal 12(1) den Treoir sin, ar Airteagal é dar teideal “Conarthaí poiblí arna ndámhachtain idir eintitis san earnáil phoiblí”:

“Ní thiocfaidh conradh poiblí arna dhámhachtain ag údarás conarthach do dhuine dlíthiúil san earnáil phríobháideach nó san earnáil phoiblí faoi raon feidhme na Treorach seo i gcás ina bhfuil na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:

(a)      tá a chomhchosúil de smacht ag an údarás conarthach ar dhuine dlíthiúil agus ar a sheirbhísí féin;

(b)      saothraítear 80 % de ghníomhaíochtaí an duine dhlíthiúil sin agus na cúraimí a dhéanamh arna gcur de chúram air ag an údarás conarthach a bhfuil smacht aige air nó ag daoine dlíthiúla eile a bhfuil smacht aige air; agus

(c)      níl an duine dlíthiúil faoi smacht rannpháirtíocht dhíreach cothromais phríobháidigh, cé is moite de chineálacha rannpháirteachais cothromais phríobháidigh nach bhfuil smacht nó bac inchurtha orthu mar a cheanglaítear leis na forálacha reachtacha náisiúnta, i gcomhréir leis na conarthaí, lena ndéantar go bhfuil an tionchar is mó in‑imeartha ar dhuine dlíthiúil atá faoi smacht.

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6        Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 15(2) agus (3) de Threoir  2014/24, ar Airteagal é dar teideal “Slándáil agus Cosaint”:

“(2)      Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí poiblí nó le comórtais nach gcuirtear as an áireamh iad ar bhealach eile de réir mhír 1 a mhéid nach bhféadfaí cosaint a ráthú ar leasa bunúsacha slándála Stáit le bearta nach bhfuil chomh cunórach sin, mar shampla trí choinníollacha a chur i bhfeidhm ar mhaithe le rúndacht faisnéise a chosaint, ar coinníollacha iad a chuireann an t‑údarás conarthach ar fáil mar chuid de nós imeachta um dhámhachtain conartha dá bhforáiltear leis an Treoir seo.

Ina theannta sin, agus i gcomhréir le hAirteagal 346(1)(a) [CFAE], níl feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí poiblí nó le comórtais nach gcuirtear as an áireamh iad ar bhealach eile de réir mhír 1 den Airteagal seo, a mhéid a dhlífí le cur i bhfeidhm na Treorach seo ar Bhallstát faisnéis a sholáthar a bhfuil sé den tuairim nach luífeadh a nochtadh le leasanna bunúsacha a shlándála.

(3)      I gcás ina ndearbhaítear go bhfuil soláthar nó cur chun feidhme conartha phoiblí nó comórtais faoi rún nó nach mór bearta slándála ar leith a bheith ag dul leo, i gcomhréir leis na forálacha reachtacha, rialála nó riaracháin atá i bhfeidhm i mBallstát, ní bheidh feidhm ag an Treoir seo ar choinníoll gur shuigh an Ballstát sin nach bhféadfaí cosaint a ráthú ar leasa bunúsacha slándála Stáit le bearta nach bhfuil chomh cunórach sin, amhail na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7        Tá Airteagal 28(1) agus (2) den Treoir sin, ar Airteagal é dar teideal “Nós Imeachta Srianta”, sna focail seo a leanas:

“(1)      Mar chuid de nós imeachta srianta, d’fhéadfadh gach oibreoir eacnamaíoch iarraidh ar rannpháirtíocht mar fhreagra ar ghairm chun iomaíochta [...]

[...]

(2)      Ní fhéadfadh ach oibreoirí eacnamaíocha tairiscint a chur isteach dá dtugann an t‑údarás conarthach cuireadh déanamh amhlaidh i ndiaidh measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis arna soláthar. D’fhéadfadh na húdaráis chonarthacha srian a chur ar líon na n‑iarrthóirí dá dtugtar cead tairiscint a chur isteach agus cuireadh chun rannpháirtíochta sa nós imeachta, i gcomhréir le hAirteagal 65. [...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8        Foráiltear le hAirteagal 29(6) den Treoir sin, ar Airteagal é dar teideal “Nós Imeachta Iomaíoch lena nGabhann Idirbheartaíocht”:

“D’fhéadfaí an nós imeachta iomaíoch lena ngabhann idirbheartaíocht a chur i bhfeidhm i gcéimeanna faoi seach ionas go laghdófaí an méid tairiscintí faoina bhfuil idirbheartaíocht le déanamh trí chur i bhfeidhm critéar dámhachtana sonrach san fhógra faoi sholáthar, sa chuireadh chun spéis a dhearbhú nó i ndoiciméad an chonartha eile. [...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9        Leagtar amach an méid seo a leanas in Airteagal 30(4) den Treoir sin:

“D’fhéadfaí an idirphlé iomaíoch a chur i bhfeidhm i gcéimeanna faoi seach ionas go laghdófaí an méid réiteach le plé le linn chéim an idirphlé trí chur i bhfeidhm na gcritéar dámhachtana a leagtar amach san fhógra faoi sholáthar nó sa doiciméad tuairisciúil. Cuirfidh an t‑údarás conarthach le fios san fhógra faoi sholáthar nó sa doiciméad tuairisciúil go ndéanfaidh sé amhlaidh.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

10      Foráiltear le hAirteagal 42 de Threoir 2014/24 don ghnás ar dá réir a d’fhéadfadh na húdaráis chonarthacha na sonraíochtaí teicniúla a dhréachtú agus iad a chur san áireamh agus na tairiscintí á roghnú. Foráiltear dó i mír 1 den Airteagal sin:

“Beidh na sonraíochtaí teicniúla a shainítear i mír 1 d’Iarscríbhinn VII i ndoiciméid an chonartha. Saineofar sna sonraíochtaí teicniúla na saintréithe nach mór a bheith ag baint leis na hoibreacha, na seirbhísí nó na soláthairtí.

D’fhéadfaí baint a bheith ag na saintréithe sin leis an bpróiseas nó an modh sonrach táirgthe nó soláthair oibreacha, táirgí nó seirbhísí arna n‑iarraidh nó le próiseas céim eile dá saolré fiú i gcás nach cuid dá n‑ábhar iarbhír, ar choinníoll go mbaineann siad le hábhar an chonartha agus go bhfuil siad i gcomhréir lena luach agus lena gcuspóirí.

D’fhéadfaí a shoiléiriú leis na sonraíochtaí teicniúla an mbeidh nó nach mbeidh aistriú cearta maoine intleachtúla á éileamh chomh maith.

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

11      De réir Airteagal 58 den Treoir seo, dar teideal “Critéir Roghnúcháin”:

“(1)      D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist leis na critéir roghnúcháin:

(a)      oiriúnacht gníomhaíocht proifisiúnta a shaothrú;

(b)      acmhainn eacnamaíochta agus airgeadais;

(c)      acmhainn theicniúil agus phroifisiúnta.

Níl ach na critéir dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4 in‑fhorchurtha mar choinníollacha rannpháirtíochta ag na húdaráis chonarthacha ar na hoibreoirí eacnamaíocha. Déanfaidh siad nach mbeidh sna coinníollacha sin ach na coinníollacha atá oiriúnach le ráthú go bhfuil ag t‑iarrthóir nó tairgeoir i gcumas dlí agus airgeadais agus inniúil go teicniúil agus go proifisiúnta mar is gá chun an conradh le dámhachtain a chur i gcrích. Beidh na coinníollacha go léir ag baint agus i gcomhréir le hábhar an chonartha.

(2)      Ó thaobh oiriúnacht gníomhaíocht proifisiúnta a shaothrú de, d’fhéadfadh na húdaráis chonarthacha a fhorchur ar na hoibreoirí eacnamaíocha nach mór dóibh a bheith cláraithe ar chlár proifisiúnta nó ar clár trádála a mBallstáit bunaíochta, dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI, nó déanamh de réir aon cheanglas eile a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

[...]

(3)      Ó thaobh acmhainn eacnamaíochta agus airgeadais de, d’fhéadfadh na húdaráis chonarthacha coinníollacha a fhorchur ar na hoibreoirí eacnamaíocha lena ráthaítear go bhfuil siad d’acmhainn riachtanach eacnamaíochta agus airgeadais leis an gconradh a chur i gcrích. Chuige sin, d’fhéadfadh na húdaráis chonarthacha a éileamh go bhfuil íosláimhdeachas bliantúil ar leith ag oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe íosláimhdeachas bliantúil ar leith sa réimse lena mbaineann an conradh. Ina theannta sin, d’fhéadfadh na húdaráis chonarthacha a éileamh go soláthraíonn oibreoirí eacnamaíocha faisnéis faoina gcuntais bhliantúla lena sonraítear an caidreamh atá ann, mar shampla, idir sócmhainní agus dliteanais. D’fhéadfaidís árachas slánaíochta gairmiúla de réir mar is iomchuí a éileamh chomh maith.

[...]

(4)      Ó thaobh acmhainn theicniúil agus phroifisiúnta de, d’fhéadfadh na húdaráis chonarthacha coinníollacha a fhorchur ar na hoibreoirí eacnamaíocha lena ráthaítear go bhfuil siad d’acmhainn riachtanach daonna agus theicniúil leis an gconradh a chur i gcrích agus caighdeán iomchuí á áirithiú acu.

D’fhéadfadh na húdaráis chonarthacha a éileamh, inter alia, go bhfuil taithí leordhóthanach ag na húdaráis eacnamaíocha, rud a léirítear trí theistiméireachtaí iomchuí ó chonarthaí arna gcur i gcrích roimhe sin. D’fhéadfadh údarás conarthach a chinneadh nach bhfuil oibreoir eacnamaíoch d’acmhainn phroifisiúnta riachtanach i gcás ina suíomhtar gurb amhlaidh go bhfuil coinbhleacht leasa ag an oibreoir eacnamaíoch lena n‑imrítear drochthionchar ar chur i gcrích an chonartha.

Mar chuid de nósanna imeachta um dhámhachtain conartha [...] seirbhísí [...], beidh measúnú indéanta ar acmhainn phroifisiúnta oibreoirí eacnamaíocha seirbhísí a sholáthar [...] de réir a saineolais, a n‑éifeachtúlachta, a dtaithí agus a n‑iontaofachta.

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

12      Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 63(1) den Treoir sin, ar Airteagal é dar teideal “Dul i muinín acmhainn eintiteas eile”:

“D’fhéadfadh oibreoir eacnamaíoch, de réir mar a bheidh agus le haghaidh conradh áirithe, dul i muinín acmhainn eintiteas eile, gan beann ar chineál dlí na nasc dlí atá aige leis na heintitis sin, ó thaobh na gcritéar maidir le hacmhainn eacnamaíochta agus airgeadais a leagtar amach in Airteagal 58(3) agus na gcritéar maidir le hacmhainn theicniúil agus phroifisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 58(4). [...]

[...]

I gcás ina dtéann oibreoir eacnamaíoch i muinín acmhainn eintiteas eile ó thaobh na gcritéar a bhaineann le hacmhainn eacnamaíochta agus airgeadais, d’fhéadfadh an t‑údarás conarthach cur i gcrích an chonartha a dhlí den oibreoir eacnamaíoch agus na heintitis eile sin i gcomhpháirt agus go leithleach.

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

13      Foráiltear don ghnás fochonraitheoireachta in Airteagal 71 den Treoir sin.

 Dlí na Polainne

14      Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 4(5c) den ustawa Prawo zamówień publicznych (an Dlí maidir le Conarthaí Poiblí), an 29 Eanáir 2004 (Dz. U., Uimh. 19, mír 177), arna leasú leis an ustawa o dokumentach publicznych (an Dlí maidir le Doiciméid Phoiblí), an 22 Samhain 2018 (Dz. U. 2019, mír 53) (“an Dlí maidir le Conarthaí Poiblí”):

“Níl feidhm ag an Dlí seo maidir leis an méid seo a leanas:

[...]

(5c)      conarthaí maidir le táirgeadh:

(a)      doiciméad poiblí bán dá dtagraítear in Airteagal 5(2) den [Dlí maidir le Doiciméid Phoiblí] agus iad a chur in oiriúint nó a shaincheapadh do dhuine aonair,

(b)      stampaí máil,

(c)      marcanna dlíthiúla nó dioscaí iniúchta, dá dtagraítear leis an Dlí lena leagtar amach an Cód Bóthair [(Dz. U. 2018, mír 1990), an 20 Meitheamh 1997, arna leasú ina dhiaidh sin],

(d)      ballóidí vótála dá dtagraítear le hAirteagal 40 den Dlí lena leagtar amach an Cód Toghcháin (Dz. U. 2019, míreanna 684 agus 1504), an 5 Eanáir 2011, agus in Airteagal 20 den Dlí maidir le Reifrinn Náisiúnta (Dz. U. 2019, míreanna 1444 agus 1504), an 14 Márta 2003,

(e)      comharthaí holagrafacha atá ar theastais ceart vótála dá dtagraítear in Airteagal 32(1) den [Dlí lena leagtar amach an Cód Toghcháin],

(f)      córas micreaphróiseálaí a bhfuil bogearraí inbhainistithe doiciméad poiblí iontu, táirgeadh córas faisnéise agus táirgeadh bunachar sonraí atá riachtanach chun úsáid a bhaint as doiciméid phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 5(2) den [Dlí maidir le Doiciméid Phoiblí], ar doiciméid iad a bhfuil slis leictreonach iontu, de réir a gcuspóra.”

15      Seo a leanas na doiciméid phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 5(2) den Dlí maidir le Doiciméid Phoiblí:

“(1)      cártaí aitheantais;

(2)      pasanna;

(3)      pasanna muirí dá dtagraítear in Airteagal 10(1) den Dlí maidir le hObair Mhuirí, an 5 Lúnasa 2015;

(4)      doiciméid arna n‑eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 44(1) agus le hAirteagal 83(1) den Dlí maidir le Doiciméid Stádais Shibhialta, an 28 Samhain 2014;

(5)      doiciméid arna n‑eisiúint d’eachtrannaigh i gcomhréir le hAirteagal 37 agus le hAirteagal 226 den Dlí maidir le hEachtrannaigh, an 12 Nollaig 2013;

(6)      doiciméid arna n‑eisiúint do lucht misin taidhleoireachta agus do lucht post consalachta Ballstát nó d’aon duine a bhaineann leo de réir dlíthe, coinbhinsiún nó dhlí idirnáisiúnta an ghnáis agus doiciméid arna n‑eisiúint dá nduine muinteartha atá mar chuid dá dteaghlach de réir Airteagal 61 den [Dlí maidir le hEachtrannaigh];

(7)      doiciméid arna n‑eisiúint do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh de réir Airteagal 48(1) den Dlí maidir le Teacht Isteach agus Fanacht i gcríoch Phoblacht na Polainne agus Imeacht Shaoránaigh Bhallstát an Aontais [...] agus a nDaoine Muinteartha ón gcríoch sin, an 14 Iúil 2006;

(8)      doiciméid arna n-eisiúint do dhaoine muinteartha shaoránach an Aontais [...] de réir Airteagal 30(1) agus Airteagal 48(2) den [Dlí maidir le teacht isteach agus fanacht i gcríoch Phoblacht na Polainne agus le himeacht shaoránaigh Bhallstát an Aontais [...] agus a ndaoine muinteartha ón gcríoch sin];

(9)      doiciméid arna n‑eisiúint d’eachtrannaigh i gcomhréir le hAirteagal 55(1) agus le hAirteagal 89i(1) den Dlí maidir le Cosaint a Dheonú d’Eachtrannaigh i gcríoch Phoblacht na Polainne, an 13 Meitheamh 2003;

(10)      orduithe forghníomhaithe arna n‑eisiúint do chúirteanna agus d’oifigigh cúirte;

(11)      cóipeanna de bhreithiúnais chriochnaitheacha lena mbunaítear go bhfuil ceart chun stádais shibhialta faighte, go bhfuil sé ann nó éag dó;

(12)      cóipeanna de bhreithiúnais nó de theastais, arna gcur le chéile ag cúirt, lena ndéantar go bhfuil duine in‑ionadaithe, go bhfuil gníomhartha dlí indéanta nó go bhfuil sócmhainní inriaraithe;

(13)      cóipeanna d’orduithe cúirteanna nó oifigeach cúirte maidir le clásal le comhlíonadh a chur le hordú forghníomhaithe seachas na horduithe forghníomhaithe a leagtar amach in Airteagal 777(1)(1) agus (11) den Dlí lena leagtar amach an Cód Nós Imeachta Sibhialta, an 17 Samhain 1964, má bhaineann siad le hordú forghníomhaithe nach eascraíonn ón gcúirt;

(14)      cóipeanna agus sleachta de dhoiciméid maidir le gníomhartha nótaireachta dá dtagraítear in Airteagal 79(1) go (1b) agus (4) den Dlí maidir le Nótaireacht, an 14 Feabhra 1991, maidir le himréitigh dá dtagraítear in Airteagal 79(2) den Dlí sin agus le fógraí fordhearbhaithe in Airteagal 79(5) den Dlí sin;

(15)      teastas ballraíochta d’fhoireann eitilte;

(16)      doiciméid pearsanra mhíleata arna n‑eisiúint do dhaoine atá cláraithe ar chlár míleata i gcomhréir le hAirteagal 54(1) den Dlí maidir leis an Oibleagáid Ghinearálta Poblacht na Polainne a Chosaint, an 21 Samhain 1967;

(17)      doiciméid pearsanra mhíleata arna n‑eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 48(1) den Dlí maidir le Seirbhís Mhíleata Ghairmiúil, an 11 Meán Fómhair 2003;

(18)      cártaí aitheantais arna n‑eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 137c(1) den [Dlí maidir le Seirbhís Mhíleata Ghairmiúil];

(19)      cártaí aitheantais arna n‑eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 54a(1) den [Dlí maidir leis an Oibleagáid Ghinearálta Poblacht na Polainne a Chosaint];

(20)      nóta i bpas, dá dtagraítear in Airteagal 19(1) den Dlí Pasanna, an 13 Iúil 2006;

(21)      greamán víosa;

(22)      “cárta na bPolannach” (Karta Polaka);

(23)      cárta lena ndeimhnítear go bhfuiltear faoi mhíchumas nó an cé chomh faoi mhíchumais atáthar;

(24)      údarás liachleachtóireachta;

(25)      údarás fiaclóireachta;

(26)      ceadúnas tiomána;

(27)      deimhniú clárúcháin phroifisiúnta agus deimhniú clárúcháin feithicle, seachas deimhnithe clárúcháin feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 73(3) den [Dlí lena leagtar amach an Cód Bóthair];

(28)      cárta feithicle (karta pojazdu);

(29)      teastas sealadach dá dtagraítear in Airteagal 71(1) den [Dlí lena leagtar amach an Cód Bóthair];

(30)      cárta tacagraif dá dtagraítear in Airteagal 2(4) den Dlí maidir le Tacagraif, an 5 Iúil 2018;

(31)      teastas teagasctha tiománaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(10) den Dlí maidir le hIompar Earraí Contúirteacha, an 19 Lúnasa 2011;

(31a)      doiciméad clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Dlí maidir le Clárúchán Luamh agus Loinge eile atá níos Giorra ná, nó ar chomhfhad le 24 mhéadar, an 12 Aibreán 2018, agus

(32)      suaitheantais;

(a)      póilíní,

(b)      gardaí teorann,

(c)      ghníomhairí Slándála an Stáit,

(d)      ghníomhairí na Gníomhaireachta um Shlándáil Inmheánach,

(e)      ghníomhairí na Gníomhaireachta um Fhaisnéis,

(f)      ghníomhairí an Lárbhiúró um Chomhrac i gcoinne na hÉillitheachta,

(g)      ghníomhairí na seirbhíse um fhrith-spiaireacht mhíleata agus pearsanra mhíleata ó thaobh gairme de a cheaptar do phost sa tseirbhís um fhrith-spiaireacht mhíleata,

(h)      ghníomhairí na seirbhíse um fhrith-spiaireacht mhíleata agus pearsanra mhíleata ó thaobh gairme de a cheaptar do phost sa tseirbhís um fhrith-spiaireacht mhíleata,

(i)      ghníomhairí agus fhoireann na seirbhíse príosúin,

(j)      ghníomhairí na n‑údarás custaim agus cánach,

(k)      daoine atá fostaithe in aonaid eagrúcháin na n‑údarás cánach náisiúnta,

(l)      chigirí na Foirne Cigireachta Iompair Bóithre,

(m)      bhaill na bpóilíní míleata.”

 Imeachtaí réamh-dlíthíochta

16      Trí litir fhoirmiúil fógartha an 25 Eanáir 2019, chuir an Coimisiún in iúl do Phoblacht na Polainne gur cúis amhrais aige, go háirithe, í comhréireacht an Dlí maidir le Doiciméid Phoiblí, lena dtrasuítear Treoir 2014/24 i ndlíchóras na Polainne, leis an Treoir sin.

17      Go háirithe, mheas an Coimisiún gur mhainnigh an Ballstát sin sna hoibleagáidí a chomhlíonadh atá uirthi de réir na Treorach sin, ós rud é, leis an Dlí sin, gur cuireadh cosc ó nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí seirbhísí, dá dtagraítear in Airteagal 4(5c) den Dlí sin (“na seirbhísí i gceist”), ar tháirgeadh doiciméad, stampaí máil, marcanna dlíthiúla, greamán víosa, ballóidí vótála, comharthaí holagrafacha atá ar theastais ceart vótála agus córais micreaphróiseálaí a bhfuil bogearraí inbhainistithe doiciméad poiblí iontu, córas faisnéise agus bunachar sonraí atá riachtanach chun úsáid a bhaint as doiciméid phoiblí, ar doiciméid iad a bhfuil slis leictreonach iontu, de réir a gcuspóra, bíodh is nach bhforáiltear do chosc dá leithéid leis an Treoir sin.

18      Ina freagra an 25 Márta 2019, chuir Poblacht na Polainne an agóid sin ón gCoimisiún faoi chonspóid.

19      An 5 Samhain 2019, thug an Ballstát sin le fios don Choimisiún gur glacadh dlí nua le dul in ionad an Dlí maidir le Conarthaí Phoiblí ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh.

20      Agus é den tuairim nach dtugtar réiteach ar an mainneachtain arna cur i leith an Bhallstáit sin de réir Threoir 2014/24 mar sin féin, sheol an Coimisiún tuairim réasúnaithe chuig Poblacht na Polainne trí litir an 28 Samhain 2019 agus d’iarr sé ar an mBallstát na bearta is gá a ghlacadh chun déanamh de réir na tuairime sin laistigh de dhá mhí óna fáil.

21      Ina freagra an 28 Eanáir 2020, chuir Poblacht na Polainne, go háirithe, agóid an Choimisiúin faoi chonspóid lena n‑éilítear gur tugadh isteach i ndlíchóras na Polainne coisc nach bhforáiltear dóibh leis an Treoir sin ó thaobh na seirbhísí i gceist.

22      Chinn an Coimisiún an chaingean seo a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais an 9 Meitheamh 2021 agus é míshásta leis na freagraí arna dtabhairt ag Poblacht na Polainne.

 An chaingean


 Argóintí na bpáirtithe


23      Áitíonn an Coimisiún, agus Treoir 2014/24 á trasuí aici i ndlíchóras na Polainne, gur chuir Poblacht na Polainne cosc ar na seirbhísí i gceist ó na nósanna imeachta um dhámhachtain conartha dá bhforáiltear leis an Treoir sin, de shárú uirthi. I ndáil leis sin, tugann an institiúid sin faoi deara nach bhforáiltear do choisc mar sin le hAirteagail 7 go 12 den Treoir sin nó ní thugtar údar leo ar bhonn Airteagal 15 di.

24      Tugann an Coimisiún chun cuimhne, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, go gcuirtear de dhualgas a chruthú gurb ann do chúinsí eisceachtúla i ndáiríre ar an mBallstát ag a bhfuil sé i gceist brath ar na maoluithe dá dtagraítear in Airteagal 15.

25      Agus tagairt á déanamh aige do bhreithiúnas an 20 Márta 2018, an Coimisiún v an Ostair (Clólann Stáit) (C‑187/16, EU:C:2018:194), thug an Coimisiún le fios gur faoi na Ballstáit atá sé a leasanna bunúsacha slándála agus na bearta slándála is gá le cosaint ar an tslándáil phoiblí a shainiú agus doiciméid aitheantais agus doiciméid oifigiúla eile á gcur i gcló agus nach bhfuil na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit i gcomhthéacs ceanglas leasanna náisiúnta, ar ceanglais iad a bhfuil údar maith leo, díolmhaithe ina n‑iomláine ó chur i bhfeidhm dhlí an Aontais toisc go ndéanann siad idirghabháil go háirithe chun leasa na slándála poiblí nó na cosanta náisiúnta, agus dá toisc sin amháin. Go háirithe, is faoi Phoblacht na Polainne atá sé a shuíomh nach bhfuil an riachtanas le cosaint ar na leasanna a agraíonn sí inchomhlíonta trí ghlao ar thairiscintí. Thairis sin, ní leasanna bunúsacha slándála, i bprionsabal, iad leasanna eacnamaíochta nó tionsclaíochta.

26      I ndáil leis sin, measann an Coimisiún nach leor na réasúnaithe arna gcur chun tosaigh ag Poblacht na Polainne maidir leis na seirbhísí i gceist, d’fhonn maolú ar chur i bhfeidhm na nósanna imeachta um dhámhachtain conartha dá bhforáiltear le Treoir 2014/24.

27      Áitíonn an institiúid sin nach bhféadfaí a ráthú nach ndéanfaí aon fhéimheach féideartha den ghnóthas sin nó go gcuirfí na conarthaí i gceist i gcrích go hiontaofa toisc gurb é an Stát an t‑aon scairshealbhóir amháin de ar cuireadh na seirbhísí i gceist de chúram air. I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, is ábhar amhrais ag an gCoimisiún í do‑dhéantacht féimhigh de Polska Wytwórnia Papierów Wartościowych S.A. (“PWPW”), i bhfianaise na rialacha is infheidhme maidir le státchabhair agus, ar an dara dul síos, agraíonn sé go bhfuil cúnamh in‑iarrtha ag PWPW ó fhochonraitheoirí.

28      Ó thaobh bagairt fhéideartha a bheith ann ar shlándáil Phoblacht na Polainne i gcás ina mbeadh an breithneoir ina oibreoir príobháideach, ar an bhforas go bhféadfadh sciarshealbhóirí nua á cheannach, áitíonn an Coimisiún go bhféadfadh an t‑údarás conarthach ráthaíochtaí iomchuí a chur i bhfeidhm, lena n‑áirítear foirceannadh an chonartha phoiblí lena mbaineann.

29      Ina theannta sin, ó thaobh insceitheacht faisnéise atá rúnaicmithe nó íogair, níor léirigh Poblacht na Polainne an bhaint atá ann idir stádas chuideachta phoiblí PWPW agus na ráthaíochtaí nach sceithfí faisnéis mar sin. Ní bheadh 100 % de shealúchas Stáit sa chuideachta sin ina ráthaíocht nach sceithfí a leithéid d’fhaisnéis, i bhfianaise go bhfuil cúnamh in‑iarrtha ó fhochonraitheoirí.

30      Cé nach séanann an Coimisiún gur leas ginearálta é an gá le slándáil na faisnéise a áirithiú lena mbaineann dámhachtain na seirbhísí i gceist, ní hionann an leas sin go córasach agus leas bunúsach slándála Ballstáit mar sin féin.

31      Tugann an institiúid sin faoi deara go bhféadfadh an t‑údarás conarthach ceanglais fíor-arda a fhorchur maidir le hoiriúnacht agus iontaofacht na n‑údarás conarthach agus na coinníollacha a athrú maidir le glaonna ar thairiscintí agus le conarthaí soláthair seirbhísí.

32      Go háirithe, d’fhéadfadh an t‑údarás conarthach foráil do shonraíochtaí teicniúla, mar a thagraítear dóibh le hAirteagal 42 de Threoir  2014/24, agus do shocrú critéar roghnúcháin, dá dtagraítear in Airteagal 58 den Treoir sin, trí ráthú go bhfuil an breithneoir in ann táirge ar chaighdeán a chur ar fáil, agus é sin a dhéanamh i gcomhlíonadh na gcoinníollacha agus na modhanna arna bhforchur.

33      Ó thaobh na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 42 de Threoir 2014/24 de, d’fhéadfadh an t‑údarás conarthach, go háirithe, ceanglais agus nósanna imeachta a fhorchur lena ráthaítear slándáil áitreabh, slándáil iompair, slándáil láimhseála trealaimh agus rochtana fisiciúil ar na háitribh sin, coimeád taifid, cosaint sonraí pearsanta nó taisceadh tuarascálacha buana ag an oibreoir eacnamaíochta roghnaithe. Thairis sin, d’fhéadfadh an t‑údarás conarthach dlí ar an oibreoir sin go dtabharfadh sé cead déanta na measúnaithe dó a mheasann sé gur gá leo.

34      Dar leis an gCoimisiún, d’fhéadfaí ráthaíochtaí a thabhairt trí choinníollacha conarthacha, amhail ráthaíocht bainc nó fiú ráthaíocht chun aon dochar atá inbhainte a shlánú i gcás damáiste, le gealltanas go measfaí gur mí-iompar gairmiúil é aon sceitheadh faisnéise. Ina theannta sin, d’fhéadfaí machnamh ar oibleagáid a fhorchur ar an mbreithneoir tuarascáil mhionsonraithe a chur le chéile i gcás mírialtachta, nó fiú coinníollacha a chur leis an gconradh maidir le cosaint ar mhaoin intleachtúil nó maidir le dul i gcúram na seirbhísí i gceist ag eintiteas eile i gcás nach mbeadh an breithneoir sin in ann a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh.

35      Thairis sin, ó thaobh do-athraitheacht aon dochar de dheasca difear a dhéanamh do leasanna bunúsacha Phoblacht na Polainne mar gheall ar fhaisnéis íogair a sceitheadh, áitíonn an Coimisiún nach gcuirtear an do‑athraitheacht seo as an áireamh go bhféadfadh clásail a bheith ina gcúiteamh agus ina gcosc i gcás slánú dochair.

36      I ndáil leis sin, deir an Coimisiún chomh maith go bhféadfaí a leithéid d’oibleagáidí a fhorchur ar an mbreithneoir, bíodh a cheanncheathrú i gcríoch Phoblacht na Polainne nó i gcríoch Ballstáit eile.

37      Agus na critéir roghnúcháin, dá dtagraítear in Airteagal 58 de Threoir  2014/24 á sainiú aige, cuireann an Coimisiún i dtreis go bhfuil sé de chead ag an údarás conarthach ceanglais áirithe a fhorchur mar fhianaise ar thaithí ábhartha táirgthe doiciméad ard-rúnaicmithe, ar an mbonneagar nó na trealaimh is gá a bheith ann, ar fhoireann chuícháilithe, a mbeidh taithí chuí aici nach bhfuil taifead coiriúil aici, a bhfuil i staid airgeadais chun an conradh i gceist a chur i gcrích go cinnte, nó fiú a bhfuil cumhdach árachais slánaíochta gairmiúla aici chomh maith leis sin.

38      Ina theannta sin, áitíonn an Coimisiún go bhféadfaí rúndacht na faisnéise i ndáil leis na seirbhísí i gceist a chinntiú le hoibleagáid rúndachta a fhorchur. I ndáil leis sin, d’fhéadfadh an t‑údarás conarthach imréitigh slándála náisiúnta a éileamh le rochtain a bheith ar fhaisnéis rúnaicmithe. Chomh maith leis sin, bheadh an t‑údarás conarthach fós i gcumas an conradh poiblí lena mbaineann a athrú nó a fhoirceannadh i gcás ina dtagann imthosca chun cinn nárbh fhéidir leis an údarás conarthach a thuar.

39      Cuireann Poblacht na Polainne faoi chonspóid an mhainneachtain in oibleagáidí a chomhlíonadh i ndáil leis na seirbhísí i gceist, trí riachtanas na cosanta ar leasanna bunúsacha slándála a agairt.

40      De réir an Bhallstáit sin, ní féidir na seirbhísí sin a chur faoi réir nósanna imeachta um dhámhachtain conartha dá bhforáiltear le Treoir  2014/24 gan dochar a dhéanamh do na leasanna sin. Tá na coisc dá dtagraítear sa chaingean seo ina mbearta comhréireacha, iomchuí agus riachtanacha leis an gcuspóir chun cosaint ar na leasanna sin a chomhlíonadh a mhéid a mheasann Poblacht na Polainne go bhfuil sé iomchuí.

41      Ar an gcéad dul síos, maidir leis an gcosc ó nósanna imeachta um dhámhachtain conartha táirgthe doiciméad poiblí dá dtagraítear in Airteagal 4(5c) den Dlí maidir le Conarthaí Poiblí, d’agair Poblacht na Polainne, ar thaobh amháin, mar chuid den nós imeachta réamh‑dhlíthíochta, gur gá cosaint ar shlándáil na ndoiciméad sin, ar measadh gur bunúsach iad ar mhaithe le slándáil an Bhallstáit sin, lena bhfalsú a bhacadh. Ní fhéadfadh an Ballstát sin é féin a chosaint ar a leithéid de bhaol falsaithe ach trí na doiciméad sin a chur i gcló ag PWPW.

42      Dearbhaíonn Poblacht na Polainne go bhfuil slándáil na ndoiciméad sin nasctha go dlúth le leasanna bunúsacha an Stáit, eadhon leasanna intíre lena n‑áirítear slándáil, sláinte agus saoirse na saoránach mar aon le hurraim don ord poiblí, agus leasanna trasteorann, lena n‑áirítear cosaint ar shaol, sláinte agus saoire na saoránach chomh maith le bac a chur ar an sceimhlitheoireacht, ar gháinneáil ar dhaoine agus ar choireacht eagraithe.

43      Go háirithe, maidir leis na doiciméid dá dtagraítear i mír 32 d’Airteagal 5(2) den Dlí maidir le Doiciméid Phoiblí, eadhon, le bheith cruinn faoi, suaitheantais póilíní, gardaí teorann, ghníomhairí shlándáil an Stáit, ghníomhairí na gníomhaireachta slándála intíre, ghníomhairí na gníomhaireachta um fhaisnéis, ghníomhairí na seirbhíse um fhrith‑spiaireacht mhíleata agus pearsanra míleata ó thaobh gairme de a cheaptar do phost sa tseirbhís sin mar aon le suaitheantais bhaill na bpóilíní míleata, áitíonn an Ballstát sin gurb údar leis na doiciméid sin a chosc ó raon feidhme na nósanna imeachta um dhámhachtain conartha í cosaint ar na leasanna bunúsacha seo.

44      I ndáil leis sin, measann Poblacht na Polainne go bhfuil sé de thábhacht ó thaobh slándáil intíre go gcosnaítear na doiciméid sin go hiomchuí, go háirithe i gcoinne baol falsaithe agus brionnaithe. D’fhonn an caighdeán cosanta is airde i gcoinne an bhaoil sin a chinntiú, ní mór na doiciméid i gceist a tháirgeadh ag oibreoir eacnamaíochta atá faoi lán‑smacht ag an mBallstát sin, eadhon PWPW.

45      Ina theannta sin, i ndáil le cártaí aitheantais agus le doiciméid phearsanta pearsanra mhíleata, measann Poblacht na Polainne gurb údar lena gcosc ó raon feidhme na nósanna imeachta um dhámhachtain conartha dá bhforáiltear le Treoir 2014/24 é an riachtanas, a eascraíonn ó Bhunreacht an Bhallstáit sin, cosaint ar shlándáil náisiúnta an Stáit i réimse na cosanta, lena ráthófaí idir neamhspleáchas agus shláine a chríche agus lena gcinnteofaí slándáil a saoránach.

46      Chuige sin, áitíonn Poblacht na Polainne go bhfuil measúnú a dhéanamh ar tháirgeadh na ndoiciméad sin sa chreat is leithne de shlándáil agus creidiúnacht an Bhallstáit sin i ndáil le cosaint, i bhfianaise na staide geopholaitiúla ina bhfuil sé, go bhfuil ina bhall de struchtúir Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) agus an chomhthéacs idirnáisiúnta iarbhír chomh maith.

47      Ar an taobh eile, i ndáil le táirgeadh córas micreaphróiseálaí a bhfuil bogearraí inbhainistithe doiciméad poiblí iontu, córas faisnéise agus bunachar sonraí atá riachtanach chun úsáid a bhaint as doiciméid phoiblí, ar doiciméid iad a bhfuil slis leictreonach iontu, de réir a gcuspóra, dá dtagraítear in Airteagal 4(5c)(f) den Dlí maidir le Conarthaí Phoiblí, tá Poblacht na Polainne den tuairim, ós rud é nach bhfuil slándáil doiciméad poiblí in‑áirithithe gan a ráthú go bhfuil comhpháirteanna leictreonacha na ndoiciméad agus na córais agus bunachair sonraí a úsáidtear chun críocha phróiseáil na ndoiciméad sin slán mar is iomchuí, nach mór bearta cosanta comhchosúla a chur i bhfeidhm maidir leis na comhpháirteanna, córais agus bunachair sonraí sin.

48      Ar an dara dul síos, maidir le stampaí máil, dá dtagraítear in Airteagal 4(5c)(b) den Dlí maidir le Conarthaí Phoiblí, áitíonn Poblacht na Polainne, go bunúsach, go bhfuil na stampaí sin de thábhacht straitéiseach i ndáil lena slándáil náisiúnta. Chuige sin, is iad na leasanna bunúsacha arna n‑agairt ag an mBallstát sin ná cosaint ar shaol agus sláinte na saoránach, slándáil idirbheart gnó, coireacht eagraithe agus eacnamaíochta a bhac, slándáil airgeadais agus méid iomchuí ioncaim cánach a chur ar fáil.

49      Ós rud é nach raibh aon ghnóthas eile de chuid na Polainne in ann na horduithe a chomhlíonadh le haghaidh stampaí máil, is beart bunúsach le slándáil na saoránach a ráthú sa réimse sin é táirgeadh na stampaí sin a chur de chúram ar oibreoir eacnamaíochta amhail PWPW, a bhfuil an‑taithí aige ar a leithéid de stampaí a leagan amach, a tháirgeadh go lán‑slán, a stóráil agus a sholáthar i gcríoch an Bhallstáit sin.

50      Féachtar trí slándáil táirgthe na stampaí sin le ráthú go ndéanfaí measúnú ar ghearradh cánacha agus tobhach agus ar mhodhanna iompair a mhargú agus a chlárú. D’fhéadfaí cur ón tslándáil ar mian le Poblacht na Polainne a choimeád sa réimse sin le táirgeadh na stampaí sin a chur de chúram ar ghnóthas seachas PWPW.

51      Ar an tríú dul síos, ó thaobh marcanna dlíthiúla agus dioscaí iniúchta le haghaidh feithiclí, dá dtagraítear in Airteagal 4(5c)(c) den Dlí maidir le Conarthaí Poiblí, cuireann an Ballstát sin béim ar thábhacht doiciméid maidir le feithicil a chur i gcúrsaíocht le haghaidh slándáil Stáit. Sa mhéid go raibh rochtain ar fhaisnéis faoi rún ag teastáil ag táirgeadh na ndoiciméad sin agus go raibh úsáid teicneolaíocht lárnach curtha in oiriúint trí chóras leictreonach i gceist léi, níor mhór cosaint a áirithiú ar fhaisnéis atá rúnaicmithe agus ar na sonraí pearsanta lena mbaineann, rud a bhí ar bunriachtanais de shlándáil Phoblacht na Polainne.

52      Go háirithe, tugann an Ballstát sin faoi deara go bhfuil sé dhíth ar iompar earraí contúirteacha, atá in‑úsáidte go háirithe chun ionsaithe sceimhlitheoireachta a dhéanamh, nach bhfuil sonraí an tiománaithe agus sonraí diosca iniúchta na feithicle i gceist ar fáil ach d’eintitis arna roghnú go docht, amhail gnóthais atá faoi lán‑seilbh an Stáit.

53      Ar an gceathrú dul síos, ó thaobh ballóidí vótála agus comharthaí holagrafacha atá ar theastais ceart vótála, dá dtagraítear in Airteagal 44(5c)(d) agus (e) den Dlí maidir le Conarthaí Poiblí, agraíonn Poblacht na Polainne muinín an phobail i seoladh rianúil agus slándáil toghchán agus reifreann sa Bhallstát sin. Go háirithe, tá buntábhacht ag baint le seoladh rianúil toghchán, ó thaobh mhuinín na saoránach i gcomhlachtaí Stáit agus i slándáil náisiúnta, agus tá cur i gcló ballóidí vótála go líonmhar a dhóthain agus in am trátha de dhíth air.

54      Áitíonn Poblacht na Polainne go ráthaítear an tionchar atá aici ar shlándáil doiciméad poiblí, ar doiciméid iad a thugann sí “íogaireacht” síos dóibh, trí sholáthar na seirbhísí i gceist a chur de chúram ar eintiteas amhail PWPW, atá faoina lán‑smacht, le cur ar cumas faireachán leanúnach a dhéanamh ar staid na heintitis sin agus mearfhreagra a thabhairt ar aon bhagairt.

55      Cuireann an Ballstát sin i dtreis go bhfuil feidhmiú chomhlachtaí PWPW agus próiseas táirgthe na ndoiciméad poiblí faoina lán‑smacht agus á mbainistiú aige, rud lena ndearnadh go bhfuil cosaint ar leas bunúsach shlándáil an Bhallstáit sin inráthaithe.

56      Go háirithe, d’fhéadfadh Poblacht na Polainne a sheachaint go gceannódh eintiteas eile seachas eintiteas atá faoi smacht an Státchiste PWPW toisc go bhfuil 100 % de shealúchais faoi sheilbh an Státchiste sa chuideachta sin. Ráthófaí leanúnachas an táirgthe sin mar sin agus sheachnófaí an baol go ndéanfaí féimheach den oibreoir eacnamaíochta atá freagrach aisti.

57      Go deimhin, ba theoiriciúil amháin an baol go ndéanfaí féimheach de chuideachta amhail PWPW agus, ina theannta sin, níor chuir an Coimisiún aon chúiseanna chun tosaigh, i gcás deacracht airgeadais a bheith ag PWPW, le Státchabhair a bheith do-dheonaithe don chuideachta sin.

58      Maidir le baol dócmhainneachta an oibreora sin, ní fhéadfaí a dhéanamh nach dtiocfadh meathlú tobann ar staid airgeadais an oibreora sin, in ainneoin, mar mhalairt air sin, go mbeadh cosc ar a leithéid de chás mar chuid de chóras amhail an córas arna chur ar bun ag Poblacht na Polainne.

59      Ina theannta sin, is doleigheasta na hiarmhairtí a bhaineann leis nach bhfuil doiciméid ann atá bunúsach le haghaidh fheidhmiú an Stáit, arb iarmhairtí iad atá de thoradh ar idirscor tobann a dtáirgeadh ag an oibreoir eacnamaíochta arna roghnú.

60      Chomh maith leis sin, de réir Phoblacht na Polainne, ráthófaí barántúlacht na ndoiciméad sin agus, uime sin, slándáil an Bhallstáit sin, trí srian a chur, thairis sin, ar an méid eintiteas a bhfuil rochtain acu ar an bhfaisnéis rúnaicmithe, le táirgeadh a leithéide de dhoiciméid a chur de chúram ar eintiteas amhail PWPW, gan dul trí nós imeachta um dhámhachtain conartha dá dtagraítear le Treoir 2014/24.

61      Mar thaca le cúnamh a bheith in‑iarrtha ó fho-chonraitheoirí ag an údarás conarthach, measann Poblacht na Polainne nach mbeadh staid ina bhfuil conradh á chur chun feidhme ag gnóthas atá faoi lán‑sheilbh ag an Stáit, fiú agus cúnamh á iarraidh aige ó fho-chonraitheoirí, inchurtha le staid ina bhfuil an conradh sin á chur chun feidhme ag eintiteas arna roghnú i gcomhréir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí dá dtagraítear le Treoir 2014/24. Thairis sin, i gcás nach gcomhlíonfadh fo-chonraitheoir an conradh sin mar is ceart, d’fhéadfadh PWPW teacht ina ionad i ndáil leis an slabhra táirgeachta doiciméad ar fad.

62      Measann Poblacht na Polainne nár chóir don Choimisiún a argóintí a bhunú ar bhreithiúnas an 20 Márta 2018, an Coimisiún v an Ostair (Clólann Stáit) (C‑187/16, EU:C:2018:194), ar cás é nach mbeadh ábhartha chun críocha an scrúdaithe ar na himeachtaí seo mar gheall ar mhainneachtain in oibleagáid a chomhlíonadh. I ndáil leis sin, áitíonn an Ballstát sin go ndearnadh go raibh a chomhchosúil de mhéid slándála in‑áirithithe le cur i bhfeidhm na dTreoracha maidir le Conarthaí Poiblí arna n‑agairt sa chás atá ina bhun leis an mbreithiúnas sin agus a bheadh in‑áirithithe gan tabhairt faoi na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí dá dtagraítear leis na Treoracha sin. Ní hamhlaidh, áfach, an cás anseo.

63      Dearbhaíonn Poblacht na Polainne nach ndlitear uirthi leibhéal cosanta a leasanna bunúsacha slándála féin a chur ar chóimhéid leis an leibhéal cosanta atá orthu ag Ballstát eile, go háirithe an chosaint orthu ag Poblacht na hOstaire. I ndáil leis sin, measann Poblacht na Polainne, bíodh is leor na bearta d’fhormhór na gconarthaí iad na bearta atá, de réir an Choimisiúin, indéanta chun cosaint a áirithiú ar a leasanna bunúsacha a fhad a chuireann na seirbhísí i gceist faoi réir na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí dá dtagraítear le Treoir  2014/24, ní fhéadfaí an méid cosanta ar leasanna bunúsacha slándála a bhaint amach ar roghnaigh sí maidir le conarthaí a bhaineann leis na seirbhísí i gceist.

64      Ó thaobh cosaint ar shlándáil na sonraí maidir leis na doiciméid phoiblí i gceist, chuirfí le líon na n‑eintitis a d’fhéadfaidís rochtain a bheith acu ar fhaisnéis maidir le slándáil Phoblacht na Polainne trí sheirbhísí táirgthe na ndoiciméad sin a chur faoi réir iomaíochta, rud a mhéadódh an baol go sceithfí an fhaisnéis íogair sin. Ba dho-athraiteach agus ba bhagairt ar fheidhmiú leanúnach de a leithéid de dhifear a dhéanamh do leasanna bunúsacha slándála an Bhallstáit sin, mar ab ea le heaspa soláthair a leithéide de dhoiciméid, ós rud é go mbeadh faisnéis arna nochtadh mar sin in‑úsáidte ag tríú Stáit, ag grúpaí coiriúla eagraithe agus ag eagraíochtaí sceimhlitheoireachta.

65      Maidir leis an mbeart atá beartaithe ag an gCoimisiún, arb é atá ann ná oibleagáid rúndachta a fhorchur trí éileamh go bhfuil imréiteach slándála náisiúnta de dhíth ar rochtain a bheith ar fhaisnéis rúnaicmithe, tá Poblacht na Polainne den tuairm nach ráthófaí ach méid áirithe cosanta ar shlándáil na faisnéise íogaire sin lena leithéid d’oibleagáid, b’amhlaidh an cás le bearta sainithe na sonraíochtaí teicniúla lena bhforchuirtear ceanglais agus nósanna imeachta áirithe lena ráthaítear an tslándáil.

66      Cé gur áitigh an Coimisiún go bhféadfadh bagairtí ar shlándáil an Bhallstáit a bheith ann i gcás inar cuireadh na seirbhísí i gceist de chúram ar ghnóthas poiblí ar nós PWPW, níor cruthaíodh leis, áfach, go mbeadh na bagairtí sin a mhó sin agus a mbeadh i gcás ina ndéanfaí go bhfuil cur i gcrích an chonartha lena mbaineann de chúram ar eintiteas arna roghnú de réir na Treorach sin.

67      Go deimhin, fiú dá gceadófaí leis na bearta dá dtagraítear i mír 65 den bhreithiúnas seo gan ach rochtain ar an bhfaisnéis a thabhairt do líon teoranta iarrthóirí a bhfuil sé léirithe acu, thairis sin, go gcomhlíonann siad ard-chaighdeáin maidir le hiontaofacht agus nósanna imeachta um chosaint ar fhaisnéis, d’fhéadfaí líon na n‑eintiteas a laghdú a bhfuil rochtain acu ar a leithéid d’fhaisnéis tríd an gcóras arna roghnú ag Poblacht na Polainne.

 Breithniú na Cúirte Breithiúnais

68      Baineann an chaingean seo le comhréireacht reachtaíocht na Polainne, lena bhforáiltear do na conarthaí maidir leis na seirbhísí i gceist a dhámhachtain go díreach do PWPW, le ceanglais Threoir  2014/24.

69      Is fíor, ar dtús, gur léir ón gcáschomhad arna thaisceadh don Chúirt, ar an gcéad dul síos, gur conarthaí poiblí seirbhísí, de réir Airteagal 2(1)(9) den Treoir sin iad na conarthaí poiblí dá dtagraítear leis an reachtaíocht sin agus, ar an dara dul síos, nach gcuirtear faoi chonspóid go bhfuil measta na gconarthaí seo de shárú ar na tairseacha maidir le cur i bhfeidhm na Treorach sin. Uime sin, i gcomhréir le hAirteagal 1(1) den Treoir sin, ní mór foráil dó leis an reachtaíocht seo, i bprionsabal, go ndéanfaí na conarthaí seo a dhámhachtain i gcomhréir leis na rialacha dá bhforáiltear leis an Treoir sin.

70      Is iad na heisceachtaí amháin a cheadaítear ar chur i bhfeidhm Threoir  2014/24 ná na heisceachtaí dá dtagraítear go sainráite sriantach (féach, de réir analaí, breithiúnas an 18 Samhain 1999, Teckal, C‑107/98, EU:C:1999:562, mír 43 agus an cásdlí dá dtagraítear).

71      De réir cásdlí comhsheasmhach maidir leis an dualgas cruthúnais mar chuid de nós imeachta mar gheall ar mhainneachtain in oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 258 CFAE, dlitear ar an gCoimisiún a shuíomh go ndearnadh an sárú mar a líomhnaítear. Tá ar an gCoimisiún an t‑ábhar a thabhairt atá riachtanach le fíorú aici go ndearnadh an sárú sin, gan brath ar aon toimhde ar bith [breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, an Coimisiún v an tSualainn (Saoráid Cóireála Dramhaíola), C‑22/20, EU:C:2021:669, mír 143 agus an cásdlí dá dtagraítear].

72      Sa nós imeachta seo, bhraith Poblacht na Polainne ar Airteagal 15(2) agus (3) de Threoir 2014/24, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 346(1)(a) CFAE, d’fhonn údar a thabhairt le comhréireacht reachtaíocht na Polainne, lena bhforáiltear do na conarthaí maidir leis na seirbhísí i gceist a dhámhachtain go díreach do PWPW, le ceanglais Threoir 2014/24.

73      I ndáil leis sin, is fíor, mar is léir ó Airteagal 15(2) de Threoir  2014/24, nach bhfuil feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí poiblí a mhéid nach bhféadfaí a ráthú le bearta nach bhfuil chomh cunórach sin go bhfuil leasa bunúsacha slándála Stáit á gcosaint, mar shampla trí choinníollacha a chur i bhfeidhm ar mhaithe le rúndacht faisnéise a chosaint, ar coinníollacha iad a chuireann an t‑údarás conarthach ar fáil mar chuid de nós imeachta um dhámhachtain conartha dá bhforáiltear leis an Treoir seo.

74      Ina theannta sin, soiléirítear leis an bhforáil sin, i gcomhréir le hAirteagal 346(1)(a) CFAE, nach bhfuil feidhm ag Treoir  2014/24 maidir le conarthaí poiblí a mhéid a dhlífí le cur i bhfeidhm na Treorach seo ar Bhallstát faisnéis a sholáthar a bhfuil sé den tuairim nach luífeadh a nochtadh le leasanna bunúsacha a shlándála.

75      De réir Airteagal 15(3) den Treoir sin, i gcás ina ndearbhaítear go bhfuil dámhachtain nó cur chun feidhme conartha phoiblí faoi rún nó nach mór bearta slándála ar leith a bheith ag dul leo, i gcomhréir leis na forálacha reachtacha, rialála nó riaracháin atá i bhfeidhm i mBallstát, ní bheidh feidhm ag an Treoir sin ar choinníoll gur shuigh an Ballstát sin nach bhféadfaí a ráthú le bearta nach bhfuil chomh cunórach sin go bhfuil leasa bunúsacha slándála Stáit á gcosaint.

76      Maidir leis an maolú in Airteagal 15 de Threoir 2014/24, dlitear ar na Ballstáit a leasanna bunúsacha slándála a shainiú agus, sa chás seo, dlitear ar na húdaráis de chuid na Polainne na bearta slándála a shainiú atá riachtanach chun cosaint ar shlándáil náisiúnta Phoblacht na Polainne agus doiciméid á gcur i gcló amhail na doiciméid lena mbaineann an cás seo (féach, de réir analaí, breithiúnas an 20 Márta 2018, an Coimisiún v an Ostair (Clólann Stáit), C‑187/16, EU:C:2018:194, mír 75 agus an cásdlí dá dtagraítear).

77      Go deimhin, ní fhorchuirtear oibleagáid maidir leis an méid a bhfuiltear ag súil leis go gcosnófaí a leasanna bunúsacha slándála le focail Airteagal 15(2) agus (3) de Threoir 2014/24, léite i bhfianaise Airteagal 346 CFAE.

78      Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá aire, go bunúsach, i mír 48 dá Thuairim, áirítear san fhocal “slándáil”, dá dtagraítear leis na forálacha sin, caomhnú na slándála náisiúnta go háirithe.

79      I ndáil leis sin, is fíor, de réir cásdlí comhsheasmhach, gurb ionann cuspóir an tslándáil náisiúnta a chaomhnú agus an leas sáraitheach dualgais agus leasanna bunúsacha na sochaí a chosaint, tríd an oiread sin gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh bunstruchtúir pholaitiúla, bhunreachtúla, eacnamaíocha nó shóisialta tíre a dhíchobhsú go tromchúiseach agus go háirithe, a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt dhíreach ar an tsochaí, ar an daonra nó ar an Stát go díreach, amhail, inter alia, gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C‑140/20, EU:C:2022:258, mír 61 agus an cásdlí dá dtagraítear).

80      Mar sin féin, níl na bearta a ghlacann na Ballstáit mar chuid de cheanglais leasa náisiúnta, ar ceanglais iad a bhfuil údar maith leo, díolmhaithe ina n‑iomláine ó chur i bhfeidhm dhlí an Aontais toisc go ndéanann siad idirghabháil go háirithe chun leasa na slándála náisiúnta agus dá toisc sin amháin (féach, de réir analaí, breithiúnas an 20 Márta 2018, an Coimisiún v an Ostair (Clólann Stáit), C‑187/16, EU:C:2018:194, mír 76 agus an cásdlí dá dtagraítear).

81      Thairis sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne chomh maith nach mór léiriú docht a dhéanamh ar na maoluithe amhail na maoluithe a agraítear mar chuid den chaingean seo (féach, de réir analaí, breithiúnas an 20 Márta 2018, an Coimisiún v an Ostair (Clólann Stáit), C‑187/16, EU:C:2018:194, mír 77 agus an cásdlí dá dtagraítear).

82      Dá bhrí sin, cé go dtugtar corrlach breithmheasa le hAirteagal 15(2) agus (3) de Threoir 2014/24 chun na bearta a chinneadh atá riachtanach chun cosaint ar leasanna bunúsacha a slándála, níl léiriú indéanta ar na forálacha sin, áfach, amhail go gcuirfí de chumhacht leo ar na Ballstáit maolú ó fhorálacha CFAE tríd na leasanna sin a agairt amháin. Uime sin, tá sé le suíomh ag an mBallstát a agraíonn na maoluithe a shonraítear sna forálacha sin chun a shochair féin nach bhféadfaí freastal ar an ngá le cosaint ar a leithéid de leasanna agus tairiscint iomaíoch á déanamh, mar a fhoráiltear dó leis an Treoir sin [féach, de réir analaí, breithiúnas an 20 Márta 2018, an Coimisiún v an Ostair (Clólann Stáit), C‑187/16, EU:C:2018:194, míreanna 78 agus 79 agus an cásdlí dá dtagraítear].

83      Sa chás seo, bíodh is gur deimhin gur aithin Poblacht na Polainne leasanna bunúsacha a slándála a mheasann sí nach mór iad a chosaint agus na ráthaíochtaí gur gné iad de chosaint na leasanna sin, tá sé le fíorú, áfach, ar léirigh nó nár léirigh an Ballstát sin nach bhfuil na cuspóirí atá á saothrú aige inchomhlíonta agus tairiscint iomaíoch á déanamh, mar a fhoráiltear dó le Treoir 2014/24.

84      I ndáil leis sin, ar dtús, ní mór diúltú d’argóint Phoblacht na Polainne ar dá réir nach bhfuil breithiúnas an 20 Márta 2018, an Coimisiún an Ostair (Clólann Stáit), (C‑187/16, EU:C:2018:194) inagartha go bailí a mhéid, murab ionann agus an staid atá i gceist sa chás seo, ar ghnóthas faoin dlí príobháideach an chlólann náisiúnta i gceist sa chás ba bhun leis an mbreithiúnas sin. Go deimhin, ní shaorfaí an Ballstát lena mbaineann, faoi réir chur i bhfeidhm Airteagal 12 de Threoir  2014/24, ón oibleagáid a léiriú nach bhfuil na cuspóirí atá á saothrú aige inchomhlíonta agus tairiscint iomaíoch á déanamh, trí stádas dlí na cuideachta atá freagrach as doiciméid oifigiúla a chur i gcló ar leibhéal náisiúnta. Níor léirigh Poblacht na Polainne, áfach, go dtugtar na conarthaí poiblí dá dtagraítear le reachtaíocht na Polainne in house agus go dtagann sé faoi na cásanna eisiata ar leith maidir le dámhachtain conarthaí poiblí, dá dtagraítear le hAirteagal 12.

85      Ar an gcéad dul síos, maidir le hargóintí Phoblacht na Polainne ar dá réir a chomhlíontar an cuspóir soláthar leanúnach na ndoiciméad oifigiúil a áirithiú leis na conarthaí seirbhísí i gceist a dhámhachtain go díreach do PWPW, tríd an mbaol a sheachaint go ndéanfaí féimheach den ghnóthas sin, is fíor, bíodh formhór na ndoiciméad sin nasctha go dlúth le hord poiblí agus feidhmiú institiúideach Ballstáit, lena n‑éilítear go ráthaítear soláthar leanúnach, nár léirigh Poblacht na Polainne, áfach, nach bhfuil an cuspóir sin in‑áirithithe ach mar chuid de ghlao ar thairiscintí agus go gcuirfí a leithéid de ráthaíocht i mbaol dá gcuirfí na seirbhísí sin de chúram ar ghnóthas eile, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, gnóthais atá bunaithe i mBallstáit eile.

86      Go sonrach, níor léirigh an Ballstát sin go mbeadh an baol go gcuirfí isteach ar tháirgeadh na ndoiciméad poiblí i gceist de dheasca féimheach a dhéanamh d’oibreoir eacnamaíochta atá freagrach as an táirgeadh sin níos airde go mór i gcás ina dtugtar faoi nós imeachta um dhámhachtain conartha dá bhforáiltear le Treoir 2014/24.

87      Go deimhin, d’fhonn a leithéid de bhaoil a mhaolú, d’fhéadfaí a fhoráil le reachtaíocht na Polainne d’fhorchur beart eile sa chonradh poiblí lena mbaineann, amhail, go háirithe, oibleagáid ar an údarás conarthach, conarthaí a thabhairt i gcrích le roinnt soláthróirí, i gcás nach dtagtar salach air le ceisteanna eile.

88      Thairis sin, d’fhéadfaí a fhoráil leis an gconradh sin do cheanglais lena ráthaítear fóntacht airgeadais na n‑iarrthóirí. Go deimhin, foráiltear dó le hAirteagal 58(3) de Threoir 2014/24 go bhféadfadh na húdaráis chonarthacha coinníollacha a fhorchur ar na hoibreoirí eacnamaíocha lena ráthaítear go bhfuil siad d’acmhainn riachtanach eacnamaíochta agus airgeadais leis an gconradh a chur i gcrích. Chuige sin, soiléirítear leis an bhforáil sin go bhféadfadh na húdaráis chonarthacha a éileamh go bhfuil íosláimhdeachas bliantúil ar leith ag oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe íosláimhdeachas bliantúil ar leith sa réimse lena mbaineann an conradh. Ina theannta sin, d’fhéadfadh na húdaráis chonarthacha a éileamh go soláthraíonn oibreoirí eacnamaíocha faisnéis faoina gcuntais bhliantúla agus go bhfuil árachas slánaíochta gairmiúla acu de réir mar is iomchuí, de réir mar a bheidh.

89      Níor éirigh le Poblacht na Polainne a léiriú go mbeadh an baol, mar a líomhnaítear, maidir le soláthar na ndoiciméad lena mbaineann de dheasca, go háirithe, meathlú tobann ar staid airgeadais an ghnóthais atá freagrach as iad a tháirgeadh, do-mhaolaithe trí chur i bhfeidhm a leithéide de cheanglais. Go deimhin, mar a thug an Coimisiún dá aire, bíodh is gur beag an baol go ndéanfaí féimheach de ghnóthas amhail PWPW, ní fhéadfaí a mheas go bhfuil an baol sin as an áireamh go hiomlán.

90      Maidir leis an riachtanas le ballóidí vótála agus comharthaí holagrafacha atá ar theastais ceart vótála, dá dtagraítear le hAirteagal 4(5c)(d) agus (e) den Dlí maidir le Conarthaí Poiblí, a tháirgeadh go líonmhar a dhóthain agus in am trátha, d’fhonn seoladh rianúil agus slándáil toghchán a ráthú, ní léiríonn Poblacht na Polainne gur gá go n‑éireodh níos fearr le gnóthais seachas PWPW agus nach bhféadfadh sé na ballóidí sin a chur i gcló agus na comharthaí sin a tháirgeadh go líonmhar a dhóthain agus in am trátha. Tugtar le tuiscint uaidh sin nár suíodh gur gá staonadh ó chur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le soláthar poiblí dá dtagraítear le Treoir 2014/24 d’fhonn an cuspóir a chomhlíonadh ar chuir an Ballstát sin chun tosaigh.

91      Ar an dara dul síos, maidir leis an ngá le cosaint a áirithiú, ó thaobh fhormhór na seirbhísí i gceist, ar shlándáil na ndoiciméad lena mbaineann agus, le bheith cruinn faoi, na faisnéise atá iontu, rialaigh an Chúirt cheana féin nach gcoisctear tabhairt faoi nós imeachta um thairiscint iomaíoch le haghaidh conradh a dhámhachtain tríd an ngá le foráil d’oibleagáid rúndachta ann féin (breithiúnas an 20 Márta 2018, an Coimisiún v an Ostair (Clólann Stáit), C‑187/16, EU:C:2018:194, mír 89).

92      Ina theannta sin, rialaigh an Chúirt chomh maith go bhféadfaí rúndacht sonraí a áirithiú trí oibleagáid rúndachta, gan gá le sárú ar nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí poiblí. Go deimhin, ní choisctear an t‑údarás conarthach ceanglais atá fíor-ard a fhorchur maidir le hoiriúnacht agus iontaofacht na mbreithneoirí, na coinníollacha maidir le glaonna ar thairiscintí agus conarthaí soláthair seirbhísí a athrú agus doiciméad tacaíochta riachtanacha a iarraidh ar aon iarrthóirí mar sin ar chor ar bith (breithiúnas an 20 Márta 2018, an Coimisiún v an Ostair (Clólann Stáit), C‑187/16, EU:C:2018:194, míreanna 90 agus 91).

93      D’fhonn slándáil fhormhór na ndoiciméad lena mbaineann a áirithiú, d’fhéadfadh an t‑údarás conarthach, mar chuid de nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí dá dtagraítear le Treoir 2014/24, foráil a dhéanamh go háirithe do shonraíochtaí teicniúla, amhail na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear le hAirteagal 42 den Treoir sin, agus/nó na critéir roghnúcháin a shocrú, dá dtagraítear le hAirteagal 58 di.

94      Go sonrach, maidir leis na sonraíochtaí teicniúla sin, de réir bhrí Airteagal 42 de Threoir 2014/24, is léir ó mhír 1 den Airteagal sin go sainítear leo saintréithe na seirbhísí lena mbaineann atá riachtanach agus go bhféadfaí baint a bheith leo leis an bpróiseas nó le modh sonrach sholáthar na seirbhísí arna n‑iarraidh chomh maith, ar choinníoll go mbaineann siad le hábhar an chonartha agus go bhfuil siad i gcomhréir lena luach agus lena gcuspóirí.

95      Maidir leis na coinníollacha roghnúcháin, dá dtagraítear in Airteagal 58 den Treoir sin, rialaigh an Chúirt gur thug reachtóir an Aontais lán‑rogha don údarás conarthach agus na critéir seo á socrú aige. Mar sin, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal sin, tá ag an údarás conarthach cuid de shaorchead sainithe na gcoinníollacha rannpháirtíochta i nós imeachta um dhámhachtain conarthaí a mheasann sé go bhfuil siad nasctha agus i gcomhréir le cuspóir an chonartha lena mbaineann agus oiriúnach le ráthú go bhfuil iarrthóir nó tairgeoir i gcumas dlí agus airgeadais agus inniúil go teicniúil proifisiúnta mar is gá chun an conradh a chur i gcrích. Le bheith cruinn faoi, de réir mhír 4 den Airteagal sin, tá saorchead ag an údarás conarthach measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha rannpháirtíochta a mheasann sé a bheith oiriúnach, óna thaobh féin de, le ráthú go gcuirtear an conradh sin i gcrích ar chaighdeán a mheasann sé a bheith iomchuí (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Eanáir 2023, Construct, C‑403/21, EU:C:2023:47, mír 60 agus an cásdlí dá dtagraítear).

96      Go háirithe, ceadaítear le mír 4 sin don údarás conarthach coinníollacha a fhorchur lena ráthaítear go bhfuil oibreoirí eacnamaíochta d’acmhainn dhaonna agus theicniúil mar is gá leis an gconradh lena mbaineann a chur i gcrích agus caighdeán iomchuí á áirithiú acu, rud a bhfuil measúnú indéanta air de réir a saineolais, a n‑éifeachtúlachta, a dtaithí agus a n‑iontaofachta. Mar sin, d’fhéadfaí oibreoirí eacnamaíochta a chur as an áireamh a mheastar nach bhfuil siad d’acmhainn phroifisiúnta mar is gá, lena n‑áirítear i gcásanna ina bhfuil coinbhleacht leasa ann lena bhféadfaí droch-thionchar a imirt ar chur i gcrích an chonartha sin.

97      Ina theannta sin, mar a áitigh an Coimisiún, ó thaobh fhormhór na seirbhísí i gceist, d’fhéadfadh an t‑údarás conarthach gan ach rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis faoi rún do líon teoranta iarrthóirí, agus é ag tabhairt faoin nós imeachta srianta dá dtagraítear in Airteagal 28 de Treoir 2014/24 nó, i gcás inarb iomchuí, na nósanna imeachta dá dtagraítear le hAirteagail 29 agus 30 den Treoir sin. Go deimhin, d’fhéadfadh an t‑údarás conarthach úsáid a bhaint as an rogha an méid tairiscintí a laghdú, dá bhforáiltear in Airteagal 29(6) den Treoir sin nó as an rogha an méid réiteach le plé a laghdú, dá bhforáiltear le hAirteagal 30(4) den Treoir sin.

98      Sna himthosca sin, ar an gcéad dul síos, ó thaobh argóint Phoblacht na Polainne ar dá réir a bhfuil rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe nó faoi rún de dhíth ar tháirgeadh marcanna dlíthiúla agus dioscaí iniúchta le haghaidh feithiclí, dá dtagraítear in Airteagal 4(5c)(c) den Dlí maidir le Conarthaí Poiblí, agus ar tháirgeadh doiciméad maidir le feithicil a chur i gcúrsaíocht agus go bhfuil cosaint ar fhaisnéis rúnaicmithe agus sonraí pearsanta ag teastáil uaithi, tugadh chun cuimhne, i mír 92 den bhreithiúnas seo, go bhféadfaí rúndacht sonraí a áirithiú, i bprionsabal, trí oibleagáidí rúndachta, gan gá le sárú ar na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí poiblí dá bhforáiltear le Treoir 2014/24.

99      D’fhonn sceitheadh faisnéise íogaire a sheachaint, tá cead ag na húdaráis de chuid na Polainne clásail a chur leis na coinníollacha maidir le glaonna ar thairiscintí lena ndlitear ar an mbreithneoir go mbeadh sé faoi rún go ginearálta agus go bhforálann sé go gcuirfí as áireamh an nós imeachta um dhámhachtain aon ghnóthas is iarrthóir nach bhfuil in ann na ráthaíochtaí leordhóthanacha a thabhairt i ndáil leis an oibleagáid sin. Tá cead ag na húdaráis de chuid na Polainne foráil do phionóis a ghearradh, go háirithe pionóis chonarthacha, ar a mbreithneoir, i gcás nach gcomhlíonann sé a leithéid d’oibleagáid agus an conradh i gceist a chur i gcrích chomh maith (féach, de réir analaí, breithiúnas an 20 Márta 2018, an Coimisiún v an Ostair (Clólann Stáit), C‑187/16, EU:C:2018:194, mír 93).

100    Thairis sin, cé gur deimhin go bhféadfadh Ballstát na bearta a dhéanamh le háirithiú, go háirithe, nach bhfuil sonraí an tiománaithe agus sonraí diosca iniúchta na feithicle i gceist ach ar fáil d’eintitis arna roghnú go docht agus earraí contúirteacha á n‑iompar, d’fhéadfaí rúndacht na sonraí sin a ráthú trí oibleagáid rúndachta ar na gnóthais atá páirteach i nós imeachta breithneoireachta a rialaítear le Treoir 2014/24 chomh maith.

101    Uime sin, ós rud é nár chuir Poblacht na Polainne aon fhianaise chun tosaigh lena bhféadfaí a léiriú nach bhféadfaí an rochtain ar na sonraí faoi rún sin a dhéanamh níos sláine mar atá inchurtha leis na conarthaí a dhámhachtain go díreach do PWPW trí thabhairt faoi nós imeachta um dhámhachtain conartha poiblí arna leagan amach mar sin, níor suíodh go dtagtar salach ar nós imeachta um chur i gcúrsaíocht le haghaidh dhámhachtain na gconarthaí sin le cosaint ar a slándáil.

102    Ar an dara dul síos, maidir le stampaí máil dá dtagraítear le hAirteagal 4(5c)(b) den Dlí maidir le Conarthaí Poiblí, bíodh is go bhféadfadh Poblacht na Polainne na bearta is gá a ghlacadh chun, go háirithe, slándáil a saoránach a áirithiú, ní léiríonn an Ballstát sin, áfach, go bhféadfaí a leithéid de chuspóir a chomhlíonadh trí tháirgeadh na stampaí sin a dhámhachtain do ghnóthas amhail PWPW agus trithí amháin agus nach mór staonadh ó chur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le dámhachtain conarthaí dá bhforáiltear le Treoir  2014/24.

103    Go deimhin, ní cosúil go mbeadh an cuspóir sin inchomhlíonta i gcás ina gcuirtear an táirgeadh sin de chúram ar oibreoirí eacnamaíochta seachas PWPW, a bhfuil taithí leordhóthanach acu ar a leithéid de stampaí a leagan amach, a tháirgeadh go lán‑slán, a stóráil agus a sholáthar i gcríoch an Bhallstáit sin. Ina theannta sin, ní thugtar le fios ar chor ar bith go mbeadh na bearta rúndachta agus slándála is gá infhorchurtha go conarthach ar na hoibreoirí sin.

104    Ar an tríú dul síos, i gcás ina n‑agraíonn Poblacht na Polainne an riachtanas lena bhfalsú nó a mbrionnú a sheachaint i ndáil, go háirithe, le táirgeadh doiciméad poiblí dá dtagraítear in Airteagal 5(2) den Dlí maidir le Doiciméid Phoiblí agus le táirgeadh córas micreaphróiseálaí a bhfuil bogearraí inbhainistithe doiciméad poiblí iontu, córas faisnéise agus bunachar sonraí atá riachtanach chun úsáid a bhaint as doiciméid phoiblí, ar doiciméid iad a bhfuil slis leictreonach iontu, de réir a gcuspóra, dá dtagraítear in Airteagal 4(5c)(f) den Dlí maidir le Conarthaí Phoiblí, is fíor, ó thaobh fhormhór na ndoiciméad sin agus na gcóras sin, go bhfuil cuma na leordhóthanachta ar na ráthaíochtaí atá in‑éilithe ag an údarás conarthach leis an mbaol a mhaolú ar agair an Ballstát sin i ndáil le leasanna bunúsacha a shlándála.

105    Go deimhin, d’fhéadfaí cosc a chur le sceitheadh nó le mí-úsáid inmhéanacha trí na critéir dhámhachtana a chomhlíonadh go docht, agus iad a fhíorú le linn chur i gcrích an chonartha arna dhámhachtain, ag an oibreoir eacnamaíochta a ghlactar leis, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis lena leithéid d’fhalsú nó de bhrionnú.

106    Tugtar le tuiscint uaidh sin go bhfuil cuma na díréire, i bhfianaise na gcuspóirí arna n‑agairt ag Poblacht na Polainne, ar chur ó fheidhm na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí dá bhforáiltear le Treoir  2014/24 maidir le conarthaí a bhaineann le táirgeadh fhormhór na ndoiciméad poiblí dá dtagraítear in Airteagal 4(5c) den Dlí maidir le Conarthaí Phoiblí, ó thaobh conarthaí de, dá dtagraítear leis an bhforáil sin, a bhaineann le táirgeadh stampaí máil, marcanna dlíthiúla, dioscaí iniúchta, ballóidí vótaí, comharthaí holagrafacha atá ar theastais ceart vótála, córas micreaphróiseálaí a bhfuil bogearraí inbhainistithe doiciméad poiblí iontu, córas faisnéise agus bunachar sonraí atá riachtanach chun úsáid a bhaint as doiciméid phoiblí.

107    Os a choinne sin, maidir le doiciméid phoiblí áirithe, dá dtagraítear i míreanna 16 go 19 agus 32 d’Airteagal 5(2) den Dlí maidir le Doiciméid Phoiblí, eadhon doiciméid phearsanta pearsanra mhíleata agus a gcártaí aitheantais, suaitheantais póilíní, gardaí teorann, ghníomhairí shlándáil an Stáit, ghníomhairí na gníomhaireachta slándála intíre, ghníomhairí na gníomhaireachta um fhaisnéis, ghníomhairí na seirbhíse um fhrith-spiaireacht mhíleata agus pearsanra mhíleata ó thaobh gairme de a cheaptar do phost sa tseirbhís sin mar aon le suaitheantais bhaill na bpóilíní míleata, ní mór a chinneadh go bhfuil dlúthcheangal díreach ag na doiciméid sin le cuspóir cosanta na slándála náisiúnta, rud a fhágann go bhféadfaidís a bheith ina n‑údair leis na ceanglais rúndachta sa bhreis.

108    I ndáil leis sin, is fíor go bhféadfaí á dhéanamh leis na doiciméid a leagtar amach sa mhír roimhe seo, maidir le gníomhairí a bhfuil an chuma ar a bhfeidhmeanna go bhfuil siad ceangailte go díreach dlúth le dualgais lena gcaomhnaítear slándáil náisiúnta Bhallstáit, go bhfuil sé bunriachtanach go gcuirfí srian le nochtadh a saintréithe agus na faisnéise atá iontu, go háirithe aithne na ngníomhairí, ionas nach mór a mheas go bhfuil siad thar a bheith íogair agus gur gá cosaint orthu níos mó in aghaidh, go háirithe, sceithe agus falsaithe.

109    Go deimhin, mar a áitíonn Poblacht na Polainne, go bunúsach, gan bheith bréagnaithe go héifeachtach ag an gCoimisiún, d’fhéadfadh iarmhairtí doleigheasta a bheith ag aon sceitheadh a leithéide d’fhaisnéis ar shlándáil náisiúnta Bhallstáit, ós rud é go bhfuil an fhaisnéis seo in‑úsáidte ag tríú Stáit, nó, go háirithe, ag grúpaí coiriúla nó ag eagraíochtaí sceimhlitheoireachta.

110    Uime sin, cé gur deimhin go raibh sé insamhlaithe foráil do ráthaíochtaí amhail pionóis, go háirithe pionóis chonarthacha, a chur i bhfeidhm maidir le hoibreoir eacnamaíochta a bheadh freagrach as táirgeadh na ndoiciméad dá dtagraítear i mír 107 den bhreithiúnas seo, i gcás sceitheadh na faisnéise íogaire, ní fhéadfaí a mheas go bhfuil a leithéid de ráthaíochtaí éifeachtúil a dhóthain le slándáil na faisnéise sin a áirithiú.

111    Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá aire i mír 95 dá Thuairim, ní réitigh iomchuí chun a leithéid d’fhaisnéis a chosaint é pionóis araíonachta a chur as feidhm maidir le daoine a bhaineann a leithéid de sceitheadh faisnéise leo nó le daoine ar cheadaigh é, nó clásail a chur i gconarthaí lena bhforáiltear do chúiteamh airgeadais, a thabharfaí mar is gá i ndiaidh fhíorú na damáiste.

112    Maidir le hargóint an Choimisiúin ar dá réir a bhfuil cúnamh in‑iarrtha ó fho-chonraitheoirí ag PWPW agus, ar an tslí sin, nach raibh údar leis na seirbhísí i gceist a thabhairt don ghnóthas sin agus dó amháin, is fíor, ar dtús, nár shuigh an Coimisiún go n‑údaraítear leis an reachtas de chuid na Polainne táirgeadh na ndoiciméad dá dtagraítear go sainráite le mír 107 den bhreithiúnas seo a ligean ar fo-chonradh.

113    Ansin, ní chuirtear faoi chonspóid go mbeadh sé de shaor-rogha ag PWPW cúnamh a iarraidh ó fhochonraitheoirí, ar a mhéad, agus nach mbeadh sé in‑samhlaithe ach faoi smacht an ghnóthais sin agus sa mhéid agus faoi na coinníollacha arna sainiú leis mar sin. Ina theannta sin, shoiléirigh Poblacht na Polainne le linn na héisteachta, gan bheith bréagnaithe ag an gCoimisiún, nár ghair PWPW ar fhochonraitheoirí ach le haghaidh seirbhísí áirithe teoranta, ar seirbhísí iad nach bhfuil na doiciméid a liostaítear i mír 107 den bhreithiúnas seo san áireamh iontu.

114    Ag an deireadh ar fad, i gcás inarb é a dhéanann an táirgeadh sin ná eintiteas arna roghnú i gcomhréir leis na rialacha dá bhforáiltear le Treoir  2014/24, is fíor go bhfuil cúnamh in‑iarrtha ag an eintiteas sin as féin, mar is léir ó Airteagal 63(1) agus ó Airteagal 71 den Treoir sin, gan gníomhaíocht na bhfochonraitheoirí a bheith insealbhaithe, nó na coinníollacha maidir lena n‑idirghabháil a bheith insainithe, ag eintiteas atá faoi sheilbh an Bhallstáit lena mbaineann. Tugtar le tuiscint uaidh sin nach bhfuil sé inmheasta go gciallaíonn aon chúnamh a iarraidh ó fhochonraitheoirí ag PWPW nach bhfuil an tslándáil atá riachtanach leis an táirgeadh sin níos airde ná an tslándáil a bheadh mar thoradh ar chur i bhfeidhm na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí poiblí dá bhforáiltear leis an Treoir sin.

115    Sna himthosca sin, ní mór a chinneadh go bhféadfadh Poblacht na Polainne Airteagal 15(2) agus (3) de Threoir  2014/24 a agairt i gcás ina n‑áitíonn sí nach bhfuil cineál na ndoiciméad a liostaítear i mír 107 den bhreithiúnas seo ag luí leis an oibleagáid maidir le tabhairt faoi na nósanna imeachta sin.

116    Ós rud é nár chruthaigh an Coimisiún a chuid aighneachtaí maidir leis na doiciméid sin, ní mór diúltú dá chaingean dá bhrí sin, a mhéid a bhaineann siad le forálacha dhlí na Polainne lena bhforáiltear do na conarthaí maidir le táirgeadh na ndoiciméad sin a dhámhachtain go díreach do PWPW, gan tabhairt faoi nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí dá bhforáiltear le Treoir 2014/24.

117    I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, ní mór a chinneadh gur mhainnigh Poblacht na Polainne sna hoibleagáidí a chomhlíonadh atá uirthi de réir Airteagal 1(1) agus (3) agus Airteagal 15(2) agus (3) de Threoir 2014/24, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 346(1)(a) CFAE trí eisceachtaí a chur le reachtaíocht na Polainne nach bhforáiltear dóibh le Treoir 2014/24 maidir le conarthaí a bhaineann le táirgeadh, ar an gcéad dul síos, na doiciméad poiblí dá dtagraítear le hAirteagal 4(5c) den Dlí maidir le Doiciméid Phoiblí, seachas doiciméid phearsanta pearsanra mhíleata agus a gcártaí aitheantais, suaitheantais póilíní, gardaí teorann, ghníomhairí shlándáil an Stáit, ghníomhairí na gníomhaireachta slándála intíre, ghníomhairí na gníomhaireachta um fhaisnéis, ghníomhairí na seirbhíse um fhrith-spiaireacht mhíleata agus pearsanra míleata ó thaobh gairme de a cheaptar do phost sa tseirbhís sin mar aon le suaitheantais bhaill na bpóilíní míleata agus, ar an dara dul síos, stampaí máil, marcanna dlíthiúla, dioscaí iniúchta, ballóidí vótaí, comharthaí holagrafacha atá ar theastais ceart, córas micreaphróiseálaí a bhfuil bogearraí inbhainistithe doiciméad poiblí iontu, córas faisnéise agus bunachar sonraí atá riachtanach chun úsáid a bhaint as doiciméid phoiblí, dá dtagraítear le hAirteagal 4(5c) chomh maith.

118    Ní mór diúltú don chuid eile den chaingean.

 Costais

119    I gcomhréir le hAirteagal 138(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Bhreithiúnais, ordaítear do gach páirtí nach n‑éiríonn leis na costais a íoc, i gcás ina n‑iarrtar air sin.

120    De réir Airteagal 138(3) den Rialachán sin, ordaítear go gach páirtí a chostais féin a íoc, i gcás nach n‑éiríonn leis na páirtithe faoi seach i ndáil le cuntar éilimh amháin nó níos mó. I gcás ina bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil údar leis de réir imthosca an cháis i gceist, áfach, féadfaidh an Chúirt a ordú go n‑íocfaidh páirtí amháin, chomh maith lena chostais féin, cuid de chostais an pháirtí eile.

121    Sa chás seo, d’iarr an Coimisiún agus Poblacht na Polainne faoi seach air go n‑ordófaí go n‑íocfadh an páirtí eile sna himeachtaí na costais.

122    Ós rud é gur seasadh le caingean an Choimisiúin, seachas i ndáil leis an gcosc ar nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí dá bhforáiltear le Treoir 2014/24 maidir le conarthaí a bhaineann le táirgeadh doiciméad poiblí áirithe dá dtagraítear i mír 32 d’Airteagal 5(2) den Dlí maidir le Doiciméid Phoiblí, ina dtagraítear d’Airteagal 4(5c) den Dlí maidir le Doiciméid Phoiblí, eadhon doiciméid phearsanta pearsanra mhíleata agus a gcártaí aitheantais, suaitheantais póilíní, gardaí teorann, ghníomhairí shlándáil an Stáit, ghníomhairí na gníomhaireachta slándála intíre, ghníomhairí na gníomhaireachta um fhaisnéis, ghníomhairí na seirbhíse um fhrith-spiaireacht mhíleata agus pearsanra mhíleata ó thaobh gairme de a cheaptar do phost sa tseirbhís sin mar aon le suaitheantais bhaill na bpóilíní míleata, ní mór a chinneadh, de réir Airteagal 138(3) de na Rialacha Nós Imeachta, go n‑íocfadh Poblacht na Polainne, chomh maith lena costais féin, dhá thrian de chostais an Choimisiúin.

123    Ordaítear don Choimisiún trian dá chostais féin a íoc.

Ar na forais sin, dearbhaíonn agus rialaíonn an Chúirt (an Chéad Dlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Mhainnigh Poblacht na Polainne sna hoibleagáidí a chomhlíonadh atá uirthi de réir Airteagal 1(1) agus (3) agus Airteagal 15(2) agus (3) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena naisghairtear Treoir  2004/18/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 346(1)(a) CFAE trí eisceachtaí a chur le reachtaíocht na Polainne nach bhforáiltear dóibh le Treoir  2014/24 maidir le conarthaí a bhaineann le táirgeadh, ar an gcéad dul síos, na doiciméad poiblí dá dtagraítear le hAirteagal 4(5c) den stawa Prawo zamówień publicznych (an Dlí maidir le Soláthar Poiblí), an 29 Eanáir 2004, arna leasú leis an ustawa o dokumentach publicznych (an Dlí maidir le Doiciméid Phoiblí), an 22 Samhain 2018, seachas doiciméid phearsanta pearsanra mhíleata agus a gcártaí aitheantais, suaitheantais póilíní, gardaí teorann, ghníomhairí shlándáil an Stáit, ghníomhairí na gníomhaireachta slándála intíre, ghníomhairí na gníomhaireachta um fhaisnéis, ghníomhairí na seirbhíse um fhrith-spiaireacht mhíleata agus pearsanra mhíleata ó thaobh gairme de a cheaptar do phost sa tseirbhís sin mar aon le suaitheantais bhaill na bpóilíní míleata agus, ar an dara dul síos, stampaí máil, marcanna dlíthiúla, dioscaí iniúchta, ballóidí vótaí, comharthaí holagrafacha atá ar theastais ceart vótála, córas micreaphróiseálaí a bhfuil bogearraí inbhainistithe doiciméad poiblí iontu, córas faisnéise agus bunachar sonraí atá riachtanach chun úsáid a bhaint as doiciméid phoiblí, dá dtagraítear le hAirteagal 4(5c) chomh maith.

2.      Déantar an chuid eile den chaingean a dhiúltú.

3.      Ordaítear do Phoblacht na Polainne, chomh maith lena costais féin, dhá thrian de chostais an Choimisiúin Eorpaigh a íoc.

4.      Ordaítear don Choimisiún Eorpach trian dá chostais féin a íoc.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Pholainnis.