Language of document :

Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 7 Meán Fómhair 2023 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Polainne

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-601/21) 1

(Mainneachtain Stáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh – Conarthaí poiblí seirbhísí – Clólann Stáit – Táirgeadh doiciméad aitheantais, doiciméad oifigiúil eile agus chóras inbhainistithe na ndoiciméad sin – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do na conarthaí maidir leis an táirgeadh sin a dhámhachtain do ghnóthas san earnáil phoiblí gan tabhairt faoi nós imeachta um dhámhachtain conartha roimh ré – Airteagal 346(1)(a) CFAE – Treoir Uimh. 2014/24/AE – Airteagal 1(1) agus (3) – Airteagal 15(2) agus (3) – Bearta sonracha slándála – Cosaint ar leasa bunúsacha slándála Stáit)

Teanga an cháis: an Pholainnis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach, arna ionadú ar dtús ag P. Ondrůšek, M. Siekierzyńska, A. Stobiecka-Kuik agus G. Wils, ina dhiaidh sin ag G. Gattinara, P. Ondrůšek, A. Stobiecka-Kuik agus G. Wils, i gcáil Gníomhairí,

Cosantóir: Poblacht na Polainne, arna hionadú ag B. Majczyna, E. Borawska-Kędzierska agus M. Horoszko, i gcáil Gníomhairí,

An chuid oibríochtúil

Mhainnigh Poblacht na Polainne sna hoibleagáidí a chomhlíonadh atá uirthi de réir Airteagal 1(1) agus (3) agus Airteagal 15(2) agus (3) de Threoir Uimh. 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir Uimh. 2004/18/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 346(1)(a) CFAE trí eisceachtaí a chur le reachtaíocht na Polainne nach bhforáiltear dóibh le Treoir Uimh. 2014/24 maidir le conarthaí a bhaineann le táirgeadh, ar an gcéad dul síos, na doiciméad poiblí dá dtagraítear le hAirteagal 4(5c) den stawa Prawo zamówień publicznych (an Dlí maidir le Soláthar Poiblí), an 29 Eanáir 2004, arna leasú leis an ustawa o dokumentach publicznych (an Dlí maidir le Doiciméid Phoiblí), an 22 Samhain 2018, seachas doiciméid phearsanta pearsanra mhíleata agus a gcártaí aitheantais, suaitheantais póilíní, gardaí teorann, ghníomhairí shlándáil an Stáit, ghníomhairí na gníomhaireachta slándála intíre, ghníomhairí na gníomhaireachta um fhaisnéis, ghníomhairí na seirbhíse um fhrith-spiaireacht mhíleata agus pearsanra mhíleata ó thaobh gairme de a cheaptar do phost sa tseirbhís sin mar aon le suaitheantais bhaill na bpóilíní míleata agus, ar an dara dul síos, stampaí máil, marcanna dlíthiúla, dioscaí iniúchta, ballóidí vótaí, comharthaí holagrafacha atá ar theastais ceart vótála, córas micreaphróiseálaí a bhfuil bogearraí inbhainistithe doiciméad poiblí iontu, córas faisnéise agus bunachar sonraí atá riachtanach chun úsáid a bhaint as doiciméid phoiblí, dá dtagraítear le hAirteagal 4(5c) chomh maith.

Déantar an chuid eile den chaingean a dhiúltú.

Ordaítear do Phoblacht na Polainne, chomh maith lena costais féin, dhá thrian de chostais an Choimisiúin Eorpaigh a íoc.

Ordaítear don Choimisiún Eorpach trian dá chostais féin a íoc.

____________

 1 IO C 490, an 06.12.2021