Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Högsta domstolen (an tSualainn) a taisceadh an 26 Márta 2024 – TK agus OP v Riksåklagaren

(Case C-229/24, Brännelius  1 )

Teanga an cháis: an tSualainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Högsta domstolen

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: TK agus OP

Cosantóir: Riksåklagaren

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An bhfuil sé riachtanach go dtarlaíonn nochtadh poiblí ar bhealach dá dtagraítear in Airteagal 17 den rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh 1 chun go bhféadfaí a mheas gur cuireadh an fhaisnéis ar fáil don phobal i gcomhar le hAirteagal 7(1)(a) den rialachán?

Más féidir le nochtadh poiblí tarlú ar bhealach eile, cad iad na himthosca ar cheart a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh ar cuireadh an fhaisnéis ar fáil don phobal de réir bhrí Airteagal 7(1)(a)?

____________

1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO 2014 L 173, lch. 1).