Language of document :

Caingean arna tabhairt an 8 Nollaig 2022 – Canel Ferreiro v an Chomhairle

(Cás T-766/22)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Maria Canel Ferreiro (Overijse, an Bheilg) (ionadaí: N. Maes, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an chaingean seo a cheadú;

a dhearbhú go bhfuil an chaingean inghlactha agus go bhfuil bunús maith léi;

cinneadh ó Údarás Ceapacháin Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 25/11/2021 lena bhforchuirtear pionós araíonachta iomardaithe ar an iarratasóir a neamhniú;

cinneadh ó Údarás Ceapacháin Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 01/09/2022 lena ndiúltaítear Gearán an iarratasóra uimh. 2022_009 faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne a neamhniú;

an t-imscrúdú riaracháin EN-2101 agus an tuarascáil imscrúdaithe an 28 Bealtaine 2021 ó Aonad na gComhairleoirí Dlíthiúla um Riarachán na hArd-Stiúrthóireachta um Fhorbairt Eagraíochtúil agus Seirbhísí – Acmhainní Daonna Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir leis an iarratasóir a neamhniú;

a ordú don chosantóir na costais arna dtabhú ag an iarratasóir sna himeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre saincheisteanna dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear neamhdhleathacht an imscrúdaithe riaracháin. De réir an iarratasóra, sháraigh na himscrúdaitheoirí creat fíorasach agus ama an tsainordaithe a thug an t-údarás ceapacháin dóibh.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear neamhdhleathacht an chinnidh lena ndiúltaítear don ghearán. Áitíonn an t-iarratasóir, ina leith sin, nár urramaíodh prionsabal an dea-riaracháin, a chumhdaítear in Airteagal 41 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus nach raibh ceart ag an iarratasóir cóireáil neamhchlaonta a fháil ar a comhad.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear mainneachtain cearta na cosanta a urramú. Áitíonn an t-iarratasóir nach bhfuil aon díotáil nithiúil ann maidir leis an méid a ghearrtar ar an iarratasóir.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear easpa fianaise. De réir an iarratasóra, níl sáruithe ar Airteagail 12 agus 21 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh cruthaithe go dtí an caighdeán dlí is gá, agus mar thoradh air sin nach féidir iad a chur ar an iarratasóir chun bonn cirt a thabhairt leis an bpionós araíonachta iomardaithe.

____________