Iarraidh ar réamhrialú ó Obersten Gerichtshofs (an Ostair) arna tabhairt an 29 Nollaig 2023 - DF v Rechtsanwaltskammer Wien
(Cás C-807/23, Jones Day)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Oberster Gerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: DF
Cosantóir: Rechtsanwaltskammer Wien
An cheist a tharchuirtear
An bhfuil Airteagal 45 CFAE maidir le saoirse gluaiseachta d'oibrithe le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis an bhforáil sin ar reachtaíocht náisiúnta, ar dá réir, mar réamhriachtanas le hiontráil ar liosta na n-oiliúnaithe dlí Ostaracha, nach mór cuid den traenáil phraiticiúil (tréimhse oiliúna) d’oiliúnaí gairmiúil a chaitheamh mar dhlíodóir faoi oiliúint le dlíodóir san Ostair, i.e. sa bhaile (‘croí-thréimhse‘), agus don chuid sin den traenáil phraiticiúil (tréimhse oiliúna), nach leor é oibriú do dhlíodóir i mBallstát eile den Aontas, fiú má dhéantar an obair sin ansin faoi mhaoirseacht dlíodóir atá i dteideal cleachtadh san Ostair i réimse dhlí na hOstaire?
____________