Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) a taisceadh an 22 Aibreán 2022 – Edil Work 2 S.r.l., S.T. S.r.l v STE S.a.r.l.
(Cás C-276/22)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Corte suprema di cassazione
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóirí: Edil Work 2 S.r.l., S.T. S.r.l
Cros-achomharcóir: STE S.a.r.l.
An cheist a tharcuirtear
An gcuireann Airteagail 49 agus 54 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh cosc ar Bhallstát inar bunaíodh cuideachta (cuideachta faoi dhliteanas teoranta) ar dtús forálacha a dhlí náisiúnta a bhaineann le hoibriú agus le bainistiú na cuideachta a chur i bhfeidhm ar an gcuideachta sin i gcás ina gcoimeádann an chuideachta sin, tar éis a hoifig chláraithe a aistriú agus a bheith athchorpraithe faoi dhlí an Bhallstáit cinn scríbe, a lárionad gníomhaíochtaí sa Bhallstát tionscnaimh agus ina bhfuil éifeacht chinntitheach ag an ngníomh bainistíochta i dtrácht ar ghníomhaíochtaí na cuideachta?
____________