Caingean arna tabhairt an 14 Nollaig 2023 – Poblacht na Polainne v Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh
(Cás C-771/23)
Teanga an chais: an Pholainnis
Páirtithe
Iarratasóir: Poblacht na Polainne (ionadaí: B. Majczyna, Gníomhaire)
Cosantóirí: Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (athmhúnlú) 1 a chur ar neamhní;
a ordú do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
(1) Saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 192(2) CFAE trí bhunús dlí mícheart a úsáid chun Treoir 2023/1791 (Airteagal 194(2) CFAE) a ghlacadh, cé go ndéanann na bearta dá bhforáiltear sa Treoir sin difear suntasach do rogha na Polainne idir foinsí éagsúla fuinnimh agus struchtúr ginearálta a soláthair fuinnimh.
Measann Poblacht na Polainne gur sháraigh na hinstitiúidí is cosantóirí pointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 192(2) CFAE trí mhainneachtain an Treoir atá faoi chonspóid a ghlacadh ar bhonn na forála sin den Chonradh, lena n-éilítear aontoilíocht sa Chomhairle, cé go ndéanann an Treoir atá faoi chonspóid difear suntasach do rogha Ballstáit idir foinsí éagsúla fuinnimh agus struchtúr ginearálta a sholáthair fuinnimh.
(2) Saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 5(4) CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 296 agus le hAirteagal 191(3) CFAE, trí bhearta a leagan síos as a n-eascraíonn costais atá díréireach le gnóthú na gcuspóirí atá á saothrú.
Measann Poblacht na Polainne gur sháraigh na hinstitiúidí is cosantóirí prionsabal na comhréireachta sa mhéid is gur glacadh an Treoir atá faoi chonspóid gan aird a thabhairt ar na cúinsí atá i réim sna Ballstáit éagsúla agus nach bhfuil na bearta dá bhforáiltear ann chun spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise a laghdú indéanta nó go mbaineann costais leo atá díréireach leis na torthaí a rabhthas ag súil leo.
____________
1 IO 2023 L 231, lch. 1.