Language of document :

Ordú na Cúirte Ginearálta an 10 Aibreán 2024 – momox v EUIPO – Nyky (momox FASHION)

(Cás T-1043/23) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Aistarraingt freasúra – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: momox SE (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaí: U. Lüken, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Hanf, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Nyky Srl (Silea, an Iodáil)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 17 Lúnasa 2023 (Cás R 139/2023-1) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Ní gá breith a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh.

Ordaítear do gach páirtí a gcostais féin a íoc.

____________

1     IO C, C/2023/1179, 4.12.2023.