Language of document :

Caingean arna tabhairt an 22 Márta 2024  – NTT Data Belgique agus páirtithe eile v BEI

(Cás T-161/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: NTT Data Belgique (an Bhruiséil, an Bheilg) Sopra Steria PSF Luxembourg SA (Leudelange, Lucsamburg), UniSystems Luxembourg Sàrl (Bertrange, Lucsamburg), Netcompany – Intrasoft (Ixelles, an Bheilg) (ionadaithe: M. Troncoso Ferrer, L. Lence de Frutos, R. Fernández de la Cruz agus N. Korogiannakis, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Banc Eorpach Infheistíochta

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh BEI an 4 Marta 2024 lenar diúltaíodh do thairiscint OMNIA Consortium le haghaidh nós imeachta soláthair lena ngabhann tagairt CFT-1699 - Comhairliúchán TF d’fheidhmchláir a bhaineann go sonrach le BEI (TAILOR) mar bheith thar a bheith íseal;

a ordú do BEI na táillí dlí agus na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheisteanna dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe arna ndéanamh ag BEI trína chinneadh chun an tairiscint a dhiúltú a bhunú (i) ar na tuarastail arna n-íoc ag na hiarratasóirí agus (ii) ar na héarlaisí a ghineann OMNIA consortium. Anuas air sin, tá an cinneadh atá faoi chonspóid ar neamhréir le critéar BEI féin faoi nósanna imeachta comhchosúla eile agus is déanaí lenar moladh agus lenar glacadh le tairiscintí a bhí beagnach comhionann leis an tairiscint atá faoi chonspóid.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta ar an bhforas (i) go bhfuil eisiamh na tairisceana, bunaithe ar na praghsanna arna dtairiscint ag OMNIA consortium amháin, díréireach; agus (ii) go bhfuil an chuma air nár chuir BEI tosca eile san áireamh atá ábhartha i bhfianaise na seirbhísí a soláthraíodh faoin gconradh sin a thabharfar i gcrích i ndiaidh an nós imeachta soláthair.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an dualgas cúiseanna a lua agus sárú ar Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ar thaobh amháin, ní luaitear sa chinneadh atá faoi chonspóid an réasúnaíocht arna leanúint ag BEI chun beart den sort sin a ghlacadh. Ar an taobh eile, ní thugtar míniú leordhóthanach san iarratas ar shoiléirithe a chuir BEI isteach an 1 Meán Fómhair 2023 maidir le cén fáth ar mheas BEI go raibh na rátaí ar an láthair a mhol na hiarratasóirí thar a bheith íseal, agus, dá bhrí sin, nach raibh na hiarratasóirí in ann a léiriú go hiomlán agus go héifeachtach gur fíorthairiscint atá ann.

____________