Iarraidh ar réamhrialú ó Finanzgericht Köln (an Ghearmáin) a taisceadh an 23 Feabhra 2024 - Familienstiftung v Finanzamt Köln-West
(Cás C-142/24, Familienstiftung)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Finanzgericht Köln
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Familienstiftung
Cosantóir: Finanzamt Köln-West
An cheist a tharchuirtear
An bhfuil Airteagal 40 den Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (Comhaontú LEE) an 2 Bealtaine 1992 le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta Ballstáit maidir le cáin oidhreachta agus bhronntanais a thobhach, lena ndéantar cáin a ghearradh ar bhonn na haicme cánach is airde III ar aistriú sócmhainní de bhun gníomhas fondúireachta inter vivos chuig fondúireacht eachtrach fiú má tá an fhondúireacht bunaithe go bunúsach ar mhaithe le teaghlach nó teaghlaigh áirithe (fondúireacht teaghlaigh), agus sa chás comhfhreagrach le fondúireacht teaghlaigh intíre, braitheann an aicme chánach ar chaidreamh teaghlaigh an tairbhí a bhfuil an gaol teaghlaigh is faide ón deontóir (bunaitheoir) faoi ghníomhas na fondúireachta, a fhágann go gcuirtear i bhfeidhm na haicmí cánach níos fabhraí I nó II maidir le fondúireachtaí teaghlaigh baile?
____________