Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Órgano Administrativo de Recursos Contractuales de la Comunidad Autónoma de Euskadi (an Spáinn) a taisceadh an 14 Márta 2024 - OSA - Asociación de Empresas de Servicios para la Dependencia (AESTE) v Ayuntamiento de Ortuella

(Cás C-210/24, AESTE)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Órgano Administrativo de Recursos Contractuales de la Comunidad Autónoma de Euskadi

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Asociación de Empresas de Servicios para la Dependencia (AESTE)

Cosantóir: Ayuntamiento de Ortuella

An cheist a tharchuirtear

Maidir le critéar dámhachtana le haghaidh conradh seirbhíse, amhail an ceann a chuirtear síos air:

lena ndéantar measúnú ar an méadú ar chostas iomlán an phárolla os cionn an mhéid a chinntear sa chomhaontú earnála is infheidhme, a bheartaíonn an tairgeoir a chur i bhfeidhm maidir leis na daoine aonair a bhfuil an conradh á chomhlíonadh acu:

agus

lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairgeoir rathúil a shonrú, tar éis cómhargáil le hionadaithe na n-oibrithe, conas go díreach a dhéanfar an pá sin a mhéadú, agus féachaint chuige comhaontú comhchoiteann a chur ar bhonn foirmiúil a bhfuil feidhm aige maidir leis an bhfoireann ar a leagtar an conradh,

an bhfuil sé oiriúnach chun an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch a aithint mar a cheanglaítear le hAirteagal 67(1) de Threoir 2014/24/AE? 1

an gcuirtear bac leis ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó an gcuirtear srian leis ar an tsaoriomaíocht, ar neamhréir le hAirteagal 56 CFAE agus Treoracha 2014/24/AE agus 96/71? 1

an sáraítear lena leithéid de chritéar dámhachtana an ceart chun comhargántaíochta arna aithint in Airteagal 28 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh?

____________

1     Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO 2014 L 94, lch. 65).

1     Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO 1997 L 18, lch. 1).