Iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato (an Iodáil) a taisceadh an 5 Nollaig 2023 – Duferco Italia Holding SpA, Duferco Sertubi SpA v Ministero dello Sviluppo Economico agus páirtithe eile
(Cás C-747/23, Duferco Italia Holding agus Duferco Sertubi)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Consiglio di Stato
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: Duferco Italia Holding SpA, Duferco Sertubi SpA
Cosantóirí: Ministero dello Sviluppo Economico, Direzione Generale per l’incentivazione delle attività imprenditoriali del Ministero dello Sviluppo Economico, Dipartimento per lo sviluppo e la coesione economica del Ministero dello Sviluppo Economico, Direzione Generale per l'incentivazione delle attività imprenditoriali del Ministero dello Sviluppo Economico-Divisione X
Páirtithe sna príomhimeachtaí
An féidir beart amhail an beart a rialaítear leis an reachtaíocht náisiúnta dá dtagraítear i mír 20 [den leagan bunaidh den ordú tarchuir seo], agus go háirithe an beart dá bhforáiltear in Airteagal 2(2)(a) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 73/2004, a aicmiú mar ‘cabhair’ de réir bhrí agus chun críocha Airteagail 107 agus 108 CFAE agus Rialachán (AE) Uimh. 6591 ón gComhairle an 22 Márta 1999?
An féidir beart amhail an beart a rialaítear leis an reachtaíocht náisiúnta dá dtagraítear i mír 20 [den leagan bunaidh den ordú tarchuir seo], agus go háirithe an beart dá bhforáiltear in Airteagal 2(2)(b) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 73/2004, a aicmiú mar ‘cabhair’ de réir bhrí agus chun críocha Airteagail 107 agus 108 CFAE agus Rialachán (AE) Uimh. 659 ón gComhairle an 22 Márta 1999?
____________
1 Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 ón gComhairle an 22 Márta 1999 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Airteagal 93 de Chonradh CE a chur i bhfeidhm (IO 1999 L 83, lch. 1).