Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Chúirt) an 21 Feabhra 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Sigmaringen – an Ghearmáin) – F.A. v Bundesrepublik Deutschland
(Cás C-694/23 1 , Edo 2 )
(Beartas tearmainn – Stádas cosanta coimhdí a tugadh sa chéad Bhallstát – Iarratas ar chosaint idirnáisiúnta sa dara Ballstát – Raon feidhme an scrúdaithe ar an iarratas sin sa dara Ballstát – Riosca theaghlach an iarratasóra a scaradh i gcás aistriú an iarratasóra)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Verwaltungsgericht Sigmaringen
Páirtithe
Iarratasóir: F.A.
Cosantóir: Bundesrepublik Deutschland
An chuid oibríochtúil
Baintear Cás C-694/23 ó Chlár na Cúirte Breithiúnais.
____________
1 Dáta an taiscthe: 17.11.2023.
1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.