Iarraidh ar réamhrialú ón Naczelny Sąd Administracyjny (an Pholainn) a taisceadh an 6 Deireadh Fómhair 2023 – Dyrektor Krajowej Informacji Skarbowej v P. S.A.
(Cás C-615/23, Dyrektor Krajowej Informacji Skarbowej)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Naczelny Sąd Administracyjny
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Dyrektor Krajowej Informacji Skarbowej
Cosantóir: P. S.A.
An cheist a tharchuirtear:
An bhfuil Airteagal 73 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha 1 le léiriú sa chaoi go bhfuil cúiteamh, amhail an cúiteamh a thuairiscítear san iarratas maidir le réamhrialú cánach, a d’íoc údarás áitiúil le haonán ar leith (oibreoir) chun seirbhísí iompair phoiblí a sholáthar, san áireamh sa mhéid inchánach dá dtagraítear san fhoráil sin?
____________
1 IO 2006 L 347, lch. 1.