Iarraidh ar réamhrialú ón Augstākā tiesa (Senāts) (an Laitvia) a taisceadh an 4 Eanáir 2024 – SIA MISTRAL TRANS v Valsts ieņēmumu dienests
(Cás C-3/24, MISTRAL TRANS)
Teanga an cháis: an Laitvis
An chúirt a rinne an tarchur
Augstākā tiesa (Senāts)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir ag an gcéad chéim agus achomharcóir: SIA MISTRAL TRANS
Cosantóir ag an gcéad chéim agus freagróir: Valsts ieņēmumu dienests
Na ceisteanna a tharchuirtear:
Maidir le Treoir (AE) Uimh. 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE 1 ón gCoimisiún, an gá léiriú a dhéanamh amhail go bhfuil feidhm ag an téarma ‘cuntasóir seachtrach’ maidir le cásanna ina bhfuil seirbhísí cuntasaíochta á soláthar do pháirtithe a bhaineann leis an gcuntasóir seachtrach?
Má tá freagra dearfach ar an gcéad cheist, maidir le hAirteagal 58(1) de Threoir (AE) Uimh. 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún, an gá léiriú a dhéanamh amhail, i gcomhthéacs chomhréireacht an phionóis arna ghearradh, gurb ábhartha: (1) nach bhfuil an tseirbhís cuntasaíochta á soláthar ach do pháirtithe a bhaineann leis an soláthraí seirbhíse; (2) go mbraitheann an rogha an chuntasaíocht a dhéanamh trí chuntasóir seachtrach a ghlacadh ar chúinsí éifeachtúlachta, laistigh de ghrúpa gnóthas gaolmhara, seachas critéir ó reachtaíocht nó de réir critéir atá bunaithe ar an réaltacht eacnamaíoch?
____________
1 IO 2015 L 141, lch. 73.