Caingean arna tabhairt an 29 Márta 2024 – DH v an Coimisiún
(Cás T-171/24)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: DH (ionadaí: A. Tymen, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
a dhearbhú go bhfuil an t-iarratas seo inghlactha agus go bhfuil bunús maith leis;
cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 15 Feabhra 2023, lena ndiúltaítear bunús ghairmiúil easláine an iarratasóra a aithint, a chur ar neamhní;
cinneadh an 20 Nollag 2023, lena ndiúltaítear gearán an iarratasóra dar dáta an 15 Bealtaine 2023 a ghlacadh, arna chur in iúl i ríomhphoist an 20 Nollaig 2023, a chur ar neamhní;
a ordú don chosantóir na costais go léir a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua.
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear tuairim earráideach ón gCoimisiún maidir le heasláine, agus earráid fhollasach mheasúnúcháin.
____________