Iarraidh ar réamhrialú ón Državna revizijska komisija za revizijo postopkov oddaje javnih naročil (an tSlóivéin) a taisceadh an 23 Samhain 2023 – Farmacija, d.o.o. v Občina Benedikt
(Cás C-715/23, Farmacija)
Teanga an cháis: an tSlóivéinis
An chúirt a rinne an tarchur
Državna revizijska komisija za revizijo postopkov oddaje javnih naročil
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Farmacija, d.o.o.
Cosantóir: Občina Benedikt
Páirtí eile sna himeachtaí: MN
Na ceisteanna a tharchuirtear
An féidir an tseirbhís a bhaineann le gníomhaíocht chógaisíochta, a bhaineann go bunúsach le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine atá nó nach bhfuil faoi réir oidis liachta a chur ar fáil d’úsáideoirí, mar aon le comhairle d’úsáideoirí d’fhonn úsáid chuí agus shábháilte na dtáirgí íocshláinte sin a chur ar fáil, a aicmiú mar ‘seirbhís leasa ghinearálta nach den gheilleagar í’ de réir bhrí Airteagal 4(2) de Threoir 2014/231 ?
An féidir an tseirbhís a bhaineann le gníomhaíocht chógaisíochta, a bhaineann go bunúsach le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine atá nó nach bhfuil faoi réir oidis liachta a chur ar fáil d’úsáideoirí, mar aon le comhairle d’úsáideoirí d’fhonn úsáid chuí agus shábháilte na dtáirgí íocshláinte sin a chur ar fáil, a aicmiú mar an gcéanna le seirbhísí sóisialta agus seirbhísí sonracha eile de réir bhrí Airteagal 19 de Threoir 2014/23?
____________
1 Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO 2014 L 94, lch. 1).