Iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof (an Ostair) arna tasiceadh an 17 Lúnasa 2023 - VariusSystems digital solutions GmbH v GR Inhaberin B & G
(Cás C-526/23, VariusSystems)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Oberster Gerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: VariusSystems digital solutions GmbH
Cosantóir: GR Inhaberin B & G
An cheist a tharchuirtear:
An gcaithfear Airteagal(7)(1)(b) de Rialachán Uimh. 1215/2012/AE 1 a léiriú amhail, i gcás ina n-eascróidh imeachtaí sibhialta as conradh, go bhfuil an t-ionad feidhmíochta maidir le forbairt agus oibriú leanúnach bogearraí atá oiriúnaithe do riachtanais aonair custaiméara atá bunaithe i mBallstát A (anseo: an Ghearmáin) ag an suíomh sin
a) ar a soláthraíonn an chuideachta atá bunaithe i mBallstát B (anseo: an Ostair) an cruthú intleachtúil atá taobh thiar de na bogearraí (“ríomhchlárú”)
b) ar a sroicheann na bogearraí an custaiméir, i.e. rochtain ar agus úsáid na mbogearraí?
____________
1 Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (Athmhúnlú) (IO 2012 L 351, lch. 1).